9. Saoráil Faisnéise

Déantar foráil le hAlt 46 (1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le ceart rochtana ar thaifid a bhaineann le riaradh ginearálta na hOifige. Tá sé d'éifeacht ag an bhforáil seo nach bhfuil rochtain le fáil ar thaifid a bhaineann le himscrúdú coiriúil nó comhaid ionchúisimh faoin Acht.

Lean an Oifig d'fhaisnéis a chur ar fáil chomh héasca agus a d'fhéadfaí a dhéanamh. Tá ár Leabhar Tagartha (a cheanglaíonn alt 15 agus 16 den Acht a chur ar fáil ag teacht leis an reachtaíocht nua) ar fáil go forleathan i leabharlanna poiblí ar fud na tíre agus ar láithréan gréasáin na hOifige ag an seoladh www.dppireland.ie. Imlínítear sa bhfoilseachán gnó na hOifige lena n-áirítear na cineálacha taifid a choimeádtar

Féadfar dul i dteagmháil leis an Aonad Saoráil Faisnéise ar an nguthán +353 1 6789222 nó tríd an ríomhphost ag an seoladh foi@dppireland.ie. Féadfar an seoladh ríomhphoist seo a úsáid le haghaidh fiosrúcháin ginearálta ach ní féidir é a úsáid i gcásanna ina dteastaíonn táille iarratais.

I rith na bliana 2004 cuireadh ocht n-iarratas faoi bhráid na hOifige. Diúltaíodh seacht gcinn acu faoin Acht agus tarraingíodh siar ceann ar déileáladh leis lasmuigh den Acht. I sé cinn de na hiarratais a diúltaíodh, neamhbhaint na dtaifead a iarradh le riaradh ginearálta na hOifige ba chúis leis an diúltú.

Iarratais a Fuarthas 2004

 
Diúltaíodh faoi alt 46(1)(b) 6
Iarratais a Diúltaíodh 1
Tarraingthe siar/déilealadh leo lasmuigh de Saoráil Faisnéise 1
IOMLÁN na nIARRATAS 8

Chuir iriseoir ceann de na hiarratais faoi bhráid na hOifige agus ón bpobal a fuarthas an chuid eile. Gach iarratas i ndáil le comhaid choiríula.

Iarratasóirí 2004

 
Iriseoir 1
An Pobal 7

Fuair an Oifig iarratas amháin ar athbhreithniú inmheánach agus cumhdaíodh an cinneadh bunaidh. Rinne an t-iarratasóir achomharc in aghaidh an chinnidh seo chuig an gCoimisnéir Faisnéise a chumhdaigh an cinneadh bunaidh freisin.

Athbhreithnithe

 
Iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach 1
Iarratais chuig an gCoim Faisnéise le haghaidh athbhreithnithe 1