9.1 Íocann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí soláthróirí tar éis a chruthaítear go bhfuil na hearraí nó na seirbhísí atá i gceist sásúil agus laistigh de 30 lá ón lá a fhaightear sonrasc ón soláthróir. I gcás taillí abhcóidí, cé nach gcruthaítear sonraisc, is é cleachtas na hOifige iad a íoc laistigh de 45 lá tar éis tuarascáil a fháil maidir le gach cás ón aturnae stáit áitiúil.
9.2 Sa tréimhse atá i gceist anseo, rinne an Oifig 22 íocaíocht a bhí déanach a chosain os cionn €317.50. €39,333.18 luach iomlán na n-íocaíochtaí sin. €39,578.18 luach iomlán na n-íocaíochtaí déanacha don bhliain as iomlán €3.2 milliún agus gearradh €692.56 úis ar an méid sin.
9.3 Tá Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar cheann de na heagraíochtaí a thagann faoi réim an Achta un Íoc Pras Cuntas, 1997 agus na Rialacháin um Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála, 2002.Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 2 Eanáir 1998, agus tá téarmaí an Achta á gcomhlíonadh ag an Oifig ón am sin i leith.
9.4 Stampáiltear na sonraisc go léir a fhaightear ó sholáthróirí nuair a fhaightear iad. Ceadaítear na sonraisc agus cuirtear ar aghaidh iad lena n-íoc go tráthúil chun a chinntiú go ndéantar iad a íoc laistigh den tréimhse iomchuí. Nuair a bhíonn na sonraisc á n-íoc cuirtear an dáta a bhfuarthas iad i gcomparáid le dáta na híocaíochta, agus má bhíonn sé thar an teorainn ama iomchuí, cruthaítear íocaíocht úis go huathoibríoch.
I gcásanna ina dteastaíonn íocaíocht úis, cuirtear in iúl é don bhainistíocht le go bhféadfar cibé gníomh feabhais is gá a ghlacadh.
9.5 Cuireann na nósanna imeachta atá leagtha amach cosaint réasúnach ar fáil ach ní chuireann siad cosaint iomlán ar fáil maidir le neamhchomhlíonadh ábhartha an Achta.
Barry Donoghue
Oifigeach
Cuntasaíochta
Aibreán 2006