Tionóladh comhdháil dar teideal 'Páistí i Saol Daoine Fásta - Déileáil le Fianaise Leanaí in lonchúisimh Choiriúla' in éineacht le Aonad Naomh Clár (Ospidéal na Leanaí, Sráid Teampaill, Baile Atha Cliath) agus Aonad Naomh Louise (Ospidéal na Leanaí, Croimghlinn) an 5 agus 6 Samhain 2004.
Ó bunaíodh í sa bhliain 2001 tá an chaidreamh idir Roinn Aturnaetha Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, faoi cheannas an Phríomh-Aturnae Ionchúisimh, agus na dochtúirí, síciatraithe, síceolaithe agus oibrithe shóisialaigh a chomhdhéanann an dá aonad lena reachtáladh an comhdháil, méadaithe go mór. Tá iarracht déanta againn freisin le linn na tréimhse sin cumarsáid le grúpaí áirithe a bhíonn ionadaitheach do leasanna fhinnéithe, páirtithe da bhfuil díobháil déanta agus iadsan a oibríonn leo, a fheabhsú. Tuairiscíodh é seo I dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo. Rinne an comhdháil forbairt ar ghnéithe áirithe de Chomhdháil Náisiúnta na nIonchúiseoirí 2002 nuair a rinneadh na saincheisteanna a thagann chun cinn le linn cásanna a bhaineann le droch-úsáid ghnéasach a ionchúiseamh go ginearálta a phlé.
Tá go leor oibre luachmhar déanta leis an dá aonad chun an tseirbhís ata á sholáthar againn a fheabhsú agus an soláthar faisnéise d'íobartaigh agus a muintir a fheabhsú.
Bhí sé mar chuspóir ag an gcomhdháil tuiscint fhrithpháirteach na ngairmithe maidir leis an disciplín eile faoi seach a fheabhsú, rud atá fíorthábhachtach chun an toradh a bhíonn ann do gach duine atá páirteach a fheabhsú. B'fhéidir go bhféadfaidh muid go léir déileáil ar shlí níos fearr le finnéithe leanaí agus a muintir a mbíonn an-imní orthu agus mí-thuiscint maidir leis an gcóras dlí.
D'fhreastail tuairim is 200 gairmithe sláinte agus dlíodóirí atá ag obair i limistéir éagsúla den tír ar an gcomhdháil. Bualann a bhformhór le híobartaigh leanaí ina gcuid oibre ar bhonn laethúil.
D'oscail an Aire Stáit ag an Roinn Sláinte a bhfuil freagracht speisialta aige as leanaí, an tUas, Brian Lenihan, TD, an comhdháil.
Bhí grúpa cainteoirí dearscnaitheach ann a raibh cainteoirí maidir le cúrsaí leighis agus dlí ina measc. B'iad seo an Right Honourable Lord Mackay of Drumadoon, breitheamh den Ard-Chúirt Bhreithiúnach in Albain, agus an Dr. Danya Glaser, Síciatrach Comhairle Leanaí agus Ógánach ó Ospidéal Great Ormond do Leanaí, Londain. Bhí sé chun tairbhe na comhdhála na dearcaí éagsúla a chuir na sainchomhairleoirí seo ar fáil.
Ar áireamh ar chlár na comhdhála freisin bhí óráidí ó ionchúiseoirí (Gardaí, abhcóidí agus dlíodóirí) agus síciatrithe, síceolaithe agus oibrithe shóisialaigh a bhíonn ag obair le leanaí is íobartaigh. Bhí cur i láthair ann maidir leis an gcur chuige a ghlac Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus í ag déanamh measúnachta ar chásanna a raibh baint acu le leanaí agus cinneadh le déanamh maidir le dul ar aghaidh le hionchúiseamh nó gan déanamh amhlaidh. Bhí plé ann freisin faoi na forálacha dlíthiúla a rialaíonn inghlacthacht fhianaise ó leanaí; na forálacha chun an fhianaise a ghlacadh ar shlí eile, mar shampla, trí nasc teilifíse; agus an dlí mar a bhaineann sé le fianaise sainchomhairleoirí.
Ó thaobh cúraim sláinte de rinneadh measúnú ar chuimhne leanaí a phléigh chomh maith le spreagacht agus cuntais nach mbíonn ar chomhréir agus fíorais eile a bhaineann le creidiúnacht a chinneadh.
Bhí an t-idirghníomhú idir an dá ghrúpa gairmithe iontach tairbhiúil agus soiléiríodh roinnt míthuairimí agus bearnaí faisnéise
Ba í an chonclúid ba thábhachtaí agus an chúis ba mhó imní a d'eascraigh as an díospóireacht ag an gcomhdháil ná an deacracht atá ann do ghairmithe agus do pháirtithe dá ndéantar díobháil agus iad ag iarraidh ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh a bhíonn ag brath ar fhinné is leanbh laistigh den chóras ceartas coiriúil in Éirinn. Bínn na bacanna dlíthiúla a éiríonn ag céimeanna eagsúla an phróisis, mar aon le cearta an chosantóra atá le daingniú an-tromchúiseach do fhinné is leanbh. Is rudaí ar leithligh iad seo ó na deacrachtaí a thagann le fianaise a thabhairt i gcúirt. Bhí an phlé maidir leis an gcomhthéacs ina ndéanann gairmithe cúraim sláinte measúnú ar fhianaise leanaí an-tairbhiúil do na hionchúiseoirí a bhí i láthair mar gur tháinig sé chun solais go bhfaigheann leanaí cuimhne níos fearr agus níos sonrach ar tharlaithe gach uair a insíonn siad é. Cuireann sé seo fadhbanna áirithe os comhair na n-ionchúiseoirí agus an Gharda Síochána mar go gcaithfidh siadsan a bheith ag brath ar an gcuntas is luaithe a tugadh ar an gcion a ndéantar gearán ina leith ar chúiseanna dlíthiúla. Aon 'athruithe' a bhraitear i gcuntas linbh, fágann siad deis do chroscheistiú an-dian, nó fiú cás a chailleadh.
Rinneadh staidéar idir-dhisciplíneach an-úsáideach maidir le cásanna a bhain le droch-úsáid ghnéasach leanaí agus a tugadh ar aird d'Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí sa bhliain 2002. An Dr. Derek Deasy, síceolaí cliniciúil, a sheol an taighde ar scór sonraí a chur Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ar fáil. Labhair Liam Mulholland, Príomh-Aturnae Ionchúiseamh (Ceannasaí Rannóg Thriail Chúirte Cuarda) faoi thorthaí an taighde agus léirigh sé céimeanna éagsúla an phróisis coiriúil ón am a chúisítear an cosantóir. Agus é ag míniú céimeanna éagsúla an phróisis (lena n-áirítear ionchasacht iarratas ar athbhreithnithe bhreithiúnach) dúirt sé go ndéantar iarracht a thaispeáint d'íobartaigh agus a muintir an comhthéacs ina mbíonn moilleanna ar an gcóras le linn cás a phróiseáil. Mhínigh an Príomh-Cheannfort Martin Donnellan, Ceannasaí an Bhiúró Náisiúnta um Imscrúdaithe Coiriúla, na céimeanna a ghlactar roimh a dhéantar comhad a chur faoi bhráid na hOifige le haghaidh cinnidh sna cásanna seo.
Bailíodh sonraí freisin maidir leis na fíorais a thuairiscítear go minic a mbíonn tionchar acu ar chinneadh chun ionchúiseamh a thabhairt nó gan déanamh amhlaidh. Chomh maith le leordhóthanacht na fianaise, bíonn saincheisteanna eile ann ar nós creidiúnacht an fhinné nó ganntanas comhoibriú a imríonn tionchar ar chinntí gan dul ar aghaidh le hionchúiseamh. Soiléiríodh nach gcaitheann an Oifig amhras go ginearálta ar fhírinne an ghearáin agus í ag measúnú creidiúnacht an ghearánaí go háirithe, faoi réir aon fhaisnéise ón nGarda Síochána, maidir leis an gcás. Seachas sin. Tá oibleagáid ar an Oifig measúnú cúramach a dhéanamh maidir le cén chaoi a bhfeicfear an fhinné, sé sin mar fhinné fírinneach agus muiníneach i gcoinne croscheistiú dian sa chúirt. Tráthanna, bíonn aos óg an ghearánaí ina fhachtóir tábhachtach maidir leis seo.
Tríd is tríd, measadh go raibh an chomhdháil go maith agus go dtiocfaidh forbairt ar an idirchaidreamh sna blianta amach romhainn. Leanfaidh an chaidreamh atá ar marthain le Aonad Naomh Clár agus Aonad Naomh Louise ar aghaidh.
Tionscnamh amháin a tháinig as an gcomhdháil ná an cinneadh ó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí chun leabhrán faisnéise a fhoilsiú chun leanaí níos sine agus muintir agus caoimhneoirí gach linbh is gearánaí a chur ar an eolas maidir leis an bpróiseas a mbeidh siad páirteach ann. Beidh sé dírithe freisin ar ghairmithe a bheidh ag déanamh cúraim ar na leanaí seo. Tá leabhráin den sórt seo ann cheana féin do dhaoine fásta. Mar sin féin, tá forálacha dlithiúla ann atá dírithe ar ghearánaí is leanbh go sonrach nach féidir iad a shonrú i leabhráin do lucht féachana níos leithne. Bailídh tuairimí na ngairmithe a d'fhreastal ar an gcomhdháil trí cheistiúchán agus déanfar comhairleoireacht anois leis na grúpaí éagsúla lena mbaineann sula bhfoilseofar é.