6 Saoráil Faisnéise

6.1 Tugann alt 46(1)(b) den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997 ceart maidir le taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige, agus sin amháin. Ciallaíonn sé sin nach féidir rochtain a fháil ar thaifid a bhaineann le comhaid choiriúla ionchúisimh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

6.2 Leanann an Oifig de bheith ag cur eolas Saorála Faisnéise ar fáil chomh réidh agus is féidir lenár Leabhar Tagartha alt 15 agus 16 athbhreithnithe a bheith ar fáil go forleathan i leabharlanna poiblí ar fud na tíre agus ar ár láithreán gréasáin ag www.dppireland.ie. Tugann an foilseachán sin imlíne ar ghnó na hOifige, lena n-áirítear na cineálacha taifead a choinnítear.

6.3 Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Saorála Faisnéise ar an teileafón nó le ríomhphost ag foi@dppireland.ie. Is féidir an seoladh ríomhphoist sin a úsáid le haghaidh fiosruithe ginearálta ar Shaoráil Faisnéise ach ní féidir é a úsáid chun iarraidh a chur isteach a mbíonn táille iarratais de dhíth ina leith.

Iarrataí a Fuarthas 2005

Diúltaithe faoi alt 46 (1) (b)

7

Tarraingthe siar/déileáilte leo lasmuigh den tSaoráil Faisnéise

3

Deonaíodh Iarraidh

2

IOMLÁN NA N-IARRATAÍ

12

6.4 Cuireadh dhá iarraidh déag ar an iomlán isteach chuig an Oifig i rith 2005. Diúltaíodh seacht gcinn den dá iarraidh déag sin faoin Acht agus tarraingíodh trí iarraidh siar nó déileáladh leo lasmuigh de Shaoráil Faisnéise. Deonaíodh dhá iarraidh ina n-iomláine. Ba í an chúis leis na diúltuithe ná nár bhain na taifid a lorgaíodh le riaracháin ginearálta na hOifige.

6.5 Is iriseoir a chuir isteach ceann de na hiarrataí, is daoine ón bpobal i gcoitinne a rinne an t-aon iarraidh déag eile agus bhain deich n-iarraidh le comhaid choiriúla.

6.6 Sa seacht gcás inar diúltaíodh do na hiarrataí, lorg an té a rinne an t-iarraidh athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh bunaidh. I ngach cás seasadh leis an gcinneadh bunaidh. Rinne beirt iarratóirí ansin achomharc ar an gcinneadh chuig an gCoimisnéir Faisnéise agus sheas an Coimisiún freisin leis na cinntí bunaidh.

Iarratóirí 2005

Iriseoir

1

An Pobal i gCoitinne

11

Athbhreithnithe

Iarrataí ar Athbhreithniú Inmheánach

3

Iarrataí chuig an gCoimisnéir Faisnéise ar Athbhreithniú

2