5.1 Ba chóir go mbeadh aird ag an mbreitheamh a ghearrann an phianbhreith ar aon fhachtóirí maolaithe nó tromaithe a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'fhad agus/nó do nádúr na pianbhreithe a fhorchuirtear ar dhuine ciontaithe. Áirítear ar fhachtóirí maolaithe nithe ar nós óige an chúisí, easpa ciontuithe roimh ré, aiféala agus cúlra teaghlaigh.
5.2 Thionscain an Stiúrthóir roinnt iarratas ar athbhreithnithe ar phianbhreitheanna ar an gcúis go raibh siad trócaireach go míchuí i 2005 inar áitíodh gur chuir an breitheamh an iomarca tábhachta leis na fachtóirí maolaithe agus nár luadh tábhacht a dhóthain le fachtóirí tromaithe ciona.
5.3 In Director of Public Prosecutions v. Michael Maher & Anthony Whelan tharla robáil agus marú fir 17 mbliana nuair a shá comhchúisí (Christopher Dunne) uair amháin é. Fuair Anthony Whelan pianbhreith ocht mbliana (le sé bliana ar fionraí) do dhúnorgain agus sé bliana (le ceithre bliana ar fionraí) don robáil. Fuair Michael Maher pianbhreith deich mbliana (le seacht mbliana ar fionraí) do dhúnorgain agus seacht mbliana (le ceithre bliana ar fionraí) don robáil. Tháinig an Chúirt Achomhairc Choiriúil ar an tátal nach raibh na pianbhreitheanna a forchuireadh iad féin lasmuigh de na paraiméadair do phianbhreith a ghearradh i gcás den chineál seo. Chinn sí, áfach, go raibh an chuid den phianbhreith a cuireadh ar fionraí iomarcach.
5.4 Bhreithnigh an breitheamh trialach imthosca gach cúisí agus mheas na fachtóirí maolaithe seo a leanas do Anthony Whelan: a aois, nár tharraing sé scian, nach raibh aon chiontuithe roimhe sin aige agus a chuid aiféala.
5.5 Aithníodh na himthosca maolaithe seo a leanas i gcás an Uasal Maher: gur admhaigh sé a rannpháirtíocht go hiomlán do na Gardaí, nach raibh aon chiontuithe roimhe sin aige (seachas mionchionta faoin Acht Oird Phoiblí), a aois, a chúlra teaghlaigh agus go raibh aiféala air.
5.6 Chinn an Chúirt gur chuir an breitheamh a ghearr an phianbhreith ualach rómhór ar na fachtóirí maolaithe sin a chuir Abhcóide na n-iarratasóirí chun cinn agus nach raibh aon údar maith ann chun na pianbhreitheanna a tugadh a laghdú. Cuireadh pianbhreitheanna nua i bhfeidhm don dá chúisí le deich mbliana (le ceithre bliana ar fionraí) do dhúnorgain agus seacht mbliana (le bliain amháin ar fionraí) don robáil.
5.7 Sa chás Director of Public Prosecutions v. Patrick Gately, ciontaíodh an cúisí in úsáid neamhúdaraithe cairr agus cur i mbaol meargánta i ndáil leis an tslí ar thiomáin sé í. D'áitigh an Stiúrthóir agus é ag cur isteach ar athbhreithniú ar an bpianbhreith gur mhainnigh an breitheamh trialach ualach dóthanach a thabhairt d'fhachtóirí tromaithe an chiona - timpiste thromchúiseach tráchta bóthair - gur tharla an cion go déanach san oíche, i gcarr a tógadh gan chead, tiomáint ar ardluas agus bualadh faoi charr eile ag fágáil beirt a bhí inti gortaithe. Chinn an Chúirt nár tugadh aon ualach do thaifead ciontuithe an chúisí do chionta den chineál céanna, a laghad aiféala a bhí air agus a laghad géarchúise.
5.8 Sa chás seo ba dheimhin leis an gCúirt Achomhairc Choiriúil gur chuir an breitheamh trialach an iomarca d'ualach ar na fachtóirí maolaithe a chuala sé ag an éisteacht pianbhreithe agus gur fhorchuir an breitheamh pianbhreith ró-thrócaireach d'ocht mí dhéag (le sé mhí ar fionraí). Forchuireadh pianbhreith nua de cheithre bliana (le dhá mhí dhéag ar fionraí).
5.9 Chinn an Chúirt gur chóir go mbreathnódh an breitheamh a ghearr an phianbhreith ar thromchúise an chiona féin seachas ar imthosca pearsanta an chúisí mar an fachtóir ba thábhachtaí i bhforchur na pianbhreithe.
5.10 In Director of Public Prosecutions v. Julian Gilloughley (neamhthuairiscithe, Cúirt Achomhairc Choiriúil, 7 Marta 2005), thaisc an Stiúrthóir iarratas chun athbhreithniú a dhéanamh ar phianbhreith cúig bliana (le dhá bhliain ar fionraí) maidir le dhá scór de sheilbh drugaí a raibh comhluach de €15 milliún luaite leo contrártha d'alt 15A den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977, arna leasú.
5.11 Chinn an Chúirt Achomhairc Choiriúil gur fachtóirí iad na fachtóirí maolaithe ar thagair an chosaint dóibh, ar nós pléadáil luath, comhoibriú leis na Gardaí, gur cuireadh iallach ar an gcúisí, nach raibh aon chiontuithe roimhe sin aige agus go mba 'rannpháirtí níos lú' a bhí ann, a bheadh i go leor cásanna den chineál sin agus gur cuireadh an iomarca d'ualach ar na fachtóirí sin ó thaobh maolú na pianbhreithe de. Tháinig an Chúirt ar an tátal go ndearna an breitheamh trialach léannta earráid i bprionsabal trína laghad ualaigh a thug sé don phianbhreith íosta reachtúil de dheich mbliana.
5.12 Tháinig an Chúirt ar an tátal go raibh an phianbhreith trócaireach go míchuí agus mhéadaigh sí an phianbhreith go dtí seacht mbliana. Chinn an Chúirt go raibh aird rómhór ag an mbreitheamh trialach ar imthosca pearsanta an chúisí seachas ar an gcion féin agus gur chóir go mbeadh an méid drugaí a fuarthas ina fhachtóir tábhachtach agus tromchúise na coire á mheas.
5.13 In Director of Public Prosecutions v. NN (breithiúnas ex-tempore 27 Meitheamh 2005) phléadáil an freagróir ciontach de channabas a bheith ina seilbh aici contrártha d'alt 15A den Acht um Mí-Úsáid Drugaí, 1977, arna leasú. Bhí an 20 cileagram drugaí, le luach sráide idir €70,000 agus €80,000, curtha i bhfolach i bhfrámaí pictiúir a raibh socrú déanta ag an gcúisí lena dtabhairt anall as Johannesburg go dtí Baile Átha Cliath, áit ar gabhadh í. Chuala an Chúirt go raibh sí féin agus a hiníon HIV-deimhneach agus gur phléadáil sí ciontach chomh luath agus a d'fhéad sí. D'fhorchuir an breitheamh a ghearr an phianbhreith pianbhreith sé bliana (le dhá bhliain ar fionraí).
5.14 Ar iarratas an Stiúrthóra athbhreithniú a dhéanamh ar an bpianbhreith ó thaobh trócaireachta míchuí de a éisteacht, chinn an Chúirt Achomhairc Choiriúil gur chuir an breitheamh na fachtóirí maolaithe cuí (breoiteacht agus pléadáil ciontach) agus na fachtóirí tromaithe cuí (luach na ndrugaí agus tromchúise an chiona) an cháis go léir san áireamh agus dá bhrí sin, nach ndearna sé earráid i bprionsabal sa phianbhreith a chuir sé.