4. Ionchúisimh Faoi Alt 49(4)

(Tástáil Anála Fianaiseach a Úsáid)

San Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, a tháinig in éifeacht ar an 2 Nollaig 1994 atá an reachtaíocht a rialaíonn ionchúiseamh maidir le tiomáint faoi thionchar an óil.

Roimh Acht 1994, b'anailís ar fhuil nó ar fhual an mhodheolaíocht eolaíochta a bhí in úsáid chun a fháil amach an raibh tiománaí os cionn an líomatáiste. Faoi Acht 1994 tháinig tástáil anála fianaiseach chun bheith ina bhealach eile trína bhféadfaí tiománaí a ionchúiseamh i leith an chiona ar a dtugtar "tiomáint faoi thionchar an óil". Is é atá i gceist le tástáil anála fianaiseach ná an tiúchán alcóil in anáil easanálaithe a chinneadh. Ó tháinig Acht 1994 in éifeacht, féadfaidh Garda a iarraidh ar dhuine a ghabhfar mar gheall ar thiomáint faoi thionchar an óil eiseamal dá chuid nó dá cuid fola (nó dá rogha féin eiseamal dá chuid fuail nó dá cuid fuail) agus / nó eiseamal anála a sholáthar.

An Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre an comhlacht reachtúil faoin reachtaíocht atá freagrach as an reachtaíocht chun gléasanna le haghaidh tástála anála fianaiseach a cheadú, a sholáthar agus a thástáil sa dlínse seo agus is maoin de chuid an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre iad i gcónaí cé go ndéantar iad a chothabháil ag Stáisiún de chuid an Gharda. Faoi láthair, tá meaisíní tástála anála fianaiseach á n-oibriú i ranna go léir an Gharda cé nach bhfuil said sna Stáisiúin de chuid an Gharda go léir.

Tá dhá chineál gléas ceadaithe ag an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre lena n-úsáid sa dlínse seo:

Is meaisíní tástála fianaiseach anála an dá cheann a chinnfidh an tiúchan alcóil in anáil easanálaithe. Cinntear an tréimhse dícháilíochta sainordaitheach de réir an leibhéal sa léamh mar a leanas;

Nuair a bhíonn eiseamal fola nó fuail tugtha, roinntear ina dhá chuid é agus tugtar deis don duine a ghabháltar ceann de na samplaí a choinneáil. Níl aon deis ann eiseamal anála a choinneáil. D'eascraigh agóid bhunreachtúil i gcoinne an nós imeachta as seo féin i gcás Ashley McGonnell, Oliver Quinlan and John Purcell v. Attorney General and Director of Public Prosecutions (sonraí thíos).

Mar a tharla nuair a tugadh anailís ar fhuil agus ar fhual isteach sna 1960aidí lean grinnscrúdú bhreithiúnach tabhairt isteach tástála fhianaiseach anála ón tús. Seo mar a leanas achoimre ar na saincheisteanna a bhí ina n-ábhar do bhreithiúnais ón Ard-Chúirt nó ón gCúirt Uachtarach

Agóidí i gcoinne Torthaí ó Thástáil Fhianaiseach Anála a Ríomh go hEolaíoch

Chun an leibhéal alcóil a chinneadh bíonn sé de cheangal ar an duine a ghabhfar dhá eiseamal anála a thabhairt laistigh de thimthriall trí nóiméad. Baintear 17.5% ón dtoradh is lú den dá cheann agus úsáidtear an figiúr seo chun críocha ionchúisimh. (Ní dhéantar an bhaint uathoibríoch seo sa Ríocht Aontaithe).

Bhí an mhodheolaíocht seo ina ábhar do chás a cuireadh os comhair na hArd-Chúirte in Director of Public Prosecutions v. David Syron 2IR (2001) leathanach 105 inar dúradh gur chur ganntanas rialachán maidir leis an tiúchán alcóil in anáil an chúisí a ríomh deireadh leis an t-ionchúiseamh. Dúirt an Ard-Chúirt (O'Higgins J.), gur fianaise prima facie deimhniú faoi alt 17 a thaispeánann cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil duine os cionn an líomatáiste go dtí go gcruthaítear a mhalairt.

Lean cás sonraí eile cás Syron, Director of Public Prosecutions v. Sheila Curry, a éistíodh os comhair Carney J. ar an 14/03/02. Bunaíodh sa chás go raibh an laghdú 17.5% ceadaithe go dleathach, agus nótáil an Breitheamh Carney "Is é toradh an ríomha a dhéanann an tIontocssáiméadar ná go solathraitear lamháil earráide a théann chun sochair an chúisí".

Toimhdean maidir le Ceadú an Intoxilyser ag an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre

I gcás Director of Public Prosecutions v. Adrian Daly san Ard-Chúirt, 10/12/01 bunaíodh go bhfuil toimhdean ann gur deis an Intoximeter atá ceadaithe ag an Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre.

An Tréimhse Faire Fiche Nóiméad

Ar bhonn na dtreoirlínte a eisíodh chuig an nGarda Síochána ón Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre, déantar faire ar dhaoine a ghabhtar ar feadh fiche nóiméad de ghnáth roimh a thugtar an tástáil dóibh chun "nialas le béal" a chinntiú.

I gcás Director of Public Prosecutions v. Michael Finn, 19/02/03, chinn an Chúirt Uachtarach go raibh sé de dhualgas ar an ionchúiseamh a léiriú de réir dlí gur chóir nós imeachta a úsáid lena mbaineann tréimhse íosta coinneála forordaithe den sórt sin agus faireachán chun críche dlí-eolaíochta. Ní foláir go mbeadh cúiseanna oibiachtúla ann chun a léiriú gur chóir tréimhse choinneála den sórt sin a bheith ann.

I rith an cháis sin dúradh dá mba rud é go bhféadfaí a léiriú an nós imeachta trína gcaithfear faire fiche nóiméad a dhéanamh ar dhuine gabhálta a bheith cóir, nach foláir go léireodh finné inniúil a bheadh in ann fianaise chuí a thabhairt é a bheith cóir. Bhí tuairimíocht ann ina dhiaidh sin maidir le cén chaoi ina bhféadfaí fianaise chuí den sórt sin a bhunú nó cé a d'fhéadfadh fianaise chuí den sórt sin a thabhairt. Lean cás eile as seo a sonraíodh díreach chun na Cúirte Uachtaraigh chun an saincheist a shoiléiriú - Director of Public Prosecutions v. Damien McNeice, 14/07/03. Sa chás seo cinneadh gur ní ar a mbeidh breith le tabhairt ag an mbreitheamh a bheidh ag éisteacht an cháis leordhóthanacht na fianaise chun a bhunú go raibh sé dleathach an cúisí a choinneáil don tréimhse faire fiche nóiméad ach nótáladh gur léiríodh go hoibiachtúil i bhfianaise an Gharda a ghlac an t-eiseamal anála, a bhí oilte maidir le húsáid an Intoxilyser, ar ghlac an chúirt leis, go raibh gá réasúnach leis an tréimhse faire fiche nóiméad chun eiseamal anála a bheadh éifeachtach agus muiníneach a ghlacadh.

Ábhar a Nochtadh don Chosaint

Seo réimse a bhfuil neart díospóireachta ar siúl maidir leis sa Chúirt Dúiche. Tá roinnt doiciméid aicmeacha a chuirtear ar fáil don chosaint ar iarratas de ghnáth. Baineann siad le taifid seirbhíse agus cothabhála. Bíonn na doiciméid seo ar fáil tríd an gCeannfort áitiúil de chuid an Gharda Síochána.

Cheadaigh an Ard-Chúirt tabhairt na ndoiciméad seo san agóid bhunreachtúil: Ashley McGonnell, Oliver Quinlan and John Purcell v. Attorney General and Director of Public Prosecutions, 16 September 2004 (sonraí thíos).

Mar sin féin, is minic a dhéanann an chosaint iarratais ar nochtadh níos cuimsí, as a dtagann éisteachtaí chun cinneadh a dhéanamh maidir le cé chomh hiomchuí atá an t-ábhar a bhíonn á lorg sa Chúirt Dúiche.

I gcás McGonnell níor bhreithnigh an Ard-Chúirt paraiméadair iniúchta den sórt sin agus ní dhearnadh na leibhéil éagsúla ionchasacha d'iniúchadh a phlé. Seo mar a leanas na cineálacha éagsúla iniúchta:

  1. Iniúchadh seachtrach ar an ionstraim agus an Garda iomchuí i láthair.
  2. Iniúchadh ar an ionstraim ina léireofar an ionstraim in úsáid go huathoibríoch nó á úsáid ag maoirseoir de chuid an Gharda i stáisiún an Gharda.
  3. Sainchomhairleoir a bheidh ainmnithe ag an gcosaint chun an ionstraim a iniúchadh (go seachtrach) agus tástáil áirithe a dhéanfaidh eolaí dlí-eolaíochta ón Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre agus an sainchomhairleoir don chosaint i láthair.
  4. Sainchomhairleoir a bheidh ainmnithe ag an gcosaint chun an ionstraim a iniúchadh a ndéanfaidh an sainchomhairleoir, le linn an iniúchta, rud a chur san ionstraim a fhágfaidh go mbeidh gá leis an ionstraim a oscailt nó páirteanna inseirbhíse na hionstraime a scrúdú.

Ní foláir go ndéanfar ionracas na hionstraime a chinntiú i gcónaí le go mbeidh aon deacrachtaí a thiocfaidh as aon iniúchadh inmheánach ar an ionstraim soiléir.

Agóid Bhunreachtúil

Sa chás Ashley McGonnell, Oliver Quinlan and John Purcell v. Attorney General and Director of Public Prosecutions rinneadh agóid in aghaidh an chórais tástála fhianaiseach anála ar bhonn gur triail trí dheimhniú a bhí ann. D'éiligh na gearánaithe nach raibh deis á thabhairt do na gearánaithe dúshlán an mhodh ina dtagtar ar an tiúchan alcóil a airbheartaítear a bheith ann a thabhairt mar nach raibh aon eiseamal ann a d'fhéadfaí a thabhairt don chosantóir chun anailísiú neamhspleách a dhéanamh air agus go raibh fianaise fíorthábhachtach á tabhairt trí dheimhniú.

I mbreithiúnas fada a thug sé ar an 14 Meán Fómhair 2004, bhreithnigh McKechnie J. roinnt gnéithe lena n-áirítear an reachtaíocht, an gléasra, an modheolaíocht, cad a dhéantar i ndlínsí eile agus na gnéithe bunreachtúla is infheidhme sa dlínse seo.

D'éist sé le roinnt sainchomhairleoirí éagsúla thar cheann na ngearánaithe agus na gcosantóirí. Chinn sé nár chuir an córas ina iomlán isteach ar aon chearta bunreachtúla dlíthiúla de chuid na ngearánaithe. Chéannaigh sé gur thug siad seo a leanas cosaint réasúnach do chearta na ngearánaithe:

  1. An ceanglas bunreachtúil faoi Alt 17(1) d'Acht 1994 chun an léamh is ísle den dá eiseamal anála a ghlacadh.
  2. An 17.5% a bhaintear as an léamh seo.
  3. An cleachtas fanacht fiche nóiméad roimh an timthriall a thosú.
  4. Na huirlisí féin-fáthmheasta sa dá mheaisín trína n-áirítear na leibhéil gabhála eile a ndearnadh iad a phlé roimhe seo chomh maith leis an dá sheiceáil insamhalta i chuile thimthriall.

Is ábhar d'achomharc an cás seo faoi láthair.