4 Ionchúisimh Alt 49(4) (Úsáid a bhaint as Tástáil Anála i bhFianaise)

4.1 Is é cuspóir na caibidle seo ná tuairisc chothrom le dáta a thabhairt ar an gcásdlí a eascraíonn as ionchúisimh eiseamail anála i dtiomáint mheisciúil a tugadh isteach de bhun an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1994.

Agóid Bhunreachtúil

4.2 Tá cinneadh na hArd-Chúirte a rinne McKechnie J, arna thabhairt an 14 Meán Fómhair 2004 i gcás Ashley McGonnell, Oliver Quinlan and John Purcell v. The Attorney General and the Director of Public Prosecutions fós faoi achomharc. Sheas an Ard-Chúirt le sláine bhunreachtúil fhorálacha an iontocsaileora.

An Tréimhse Breathnóireachta 20 Nóiméad

4.3 D'éist an Ard-Chúirt roinnt cásanna inar tugadh aghaidh ar shaincheisteanna a d'eascair ar scór chinntí i gcásanna an Director of Public Prosecutions v. Michael Finn agus Director of Public Prosecutions v. Damien McNiece maidir leis an tréimhse breathnóireachta 20 nóiméad.

An gá atá le tréimhse breathnóireachta 20 nóiméad:

4.4 Chinn an cás Director of Public Prosecutions v. Brendan Walsh, Macken J, 16 Márta 2005, nach réamhriachtanas an tréimhse breathnóireachta 20 nóiméad chun ceanglas a dhéanamh faoi alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994 eiseamal anála a thabhairt.

4.5 D'aontaigh Quirke J, le réasúnacht bhreithiúnas Brendan Walsh, ina bhreithiúnas ex tempore an 27 Deireadh Fómhair 2005 i gcás Director of Public Prosecutions v. Patrick Finn inar luaigh sé nach raibh aon oibleagáid ar an ionchúiseamh fianaise a thabhairt den tréimhse breathnóireachta 20 nóiméad mar chuid riachtanach d'ionchúiseamh alt 49.

Am os cionn 20 nóiméad:

4.6 Tar éis breithiúnais Finn agus McNiece rinneadh agóidí in aghaidh aon am os cionn 20 nóiméad nach raibh cuntas ag an ionchúiseamh orthu.

4.7 Ina bhreithiúnas ex tempore an 25 Iúil 2005 sa chás Director of Public Prosecutions v. Robin Fox, chinn Abbot J nach raibh coinneáil seacht nóiméad thar an tréimhse 20 nóiméad gan míniú a thabhairt inchosanta agus dúirt ina thuairim féin go gcaithfí údar maith a thabhairt d'aon tréimhse os cionn 5 nóiméad. Tá achomharc á dhéanamh ar an gcás.

4.8 Bhreithnigh an Ard-Chúirt an tsaincheist chéanna arís sa chás Director of Public Prosecutions v. Tim O'Connor, Quirke J, 14 Nollaig 2005 inar cinneadh go bhféadfadh coinneáil 27 nóiméad a bheith inchosanta agus leagadh amach na nithe a gcaithfidh an Chúirt Dúiche breathnú orthu nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi dhlíthiúlacht coinneála duine cúisithe. Osclaíodh cás Robin Fox san Ard-Chúirt sa chás seo.

Cásanna Eile Maidir Le hIonchúisimh Alt 49(4)

4.9 Sa chás Director of Public Prosecutions (ar agra an Gharda Cathal O Reilly) v. Andrew Barnes - O'Neill J, 18 Iúil 2005, breithníodh an cheist faoi earráidí i ndeimhnithe alt 17, an earráid áirithe sa chás seo go raibh an cion mícheart clóbhuailte isteach sa mheaisín iontocsaileora ag tús an phróisis. Cinneadh nach raibh earráid den sórt sin tubaisteach don ionchúiseamh agus nár bhain sé den ráiteas a bhí i gceist a chomhlánú go cuí.

4.10 Rinneadh tagairt do bhreithiúnas O'Flaherty J in Director of Public Prosecutions v. Somers (1999) 1.IR.115 inar luadh "go raibh sé dodhéanta foirfeacht a lorg ag gach tráth den saol agus nuair a bhíonn fabht bídeach i líonadh amach doiciméid den sórt seo, ar fabht é nach bhfuil suntasach agus nach bhféadfadh aon éigeartas a oibriú ar an gcúisí agus nach bhfuil sé ar neamhréir le críocha agus cuspóirí na reachtaíochta, ansin tá ar na cúirteanna a rá nach féidir le botún den sórt sin, mar atá againn anseo, éigeartas soiléir a chruthú chomh fada agus a bhaineann le hionchúiseamh an chiona seo".

4.11 Tugann an cás Director of Public Prosecutions v. John Bourke, Quirke J - 21 Deireadh Fómhair 2005, aghaidh ar shaincheist an toimhdithe atá in alt 21(1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994 agus an caighdeán is gá chun an céanna a fhrisnéis. Go bunúsach, athdhearbhaíodh an prionsabal atá tugtha sa chás Director of Public Prosecutions v. Collins (1981) ILRM 447 nach leor díreach tuairim chun teacht in áit an toimhde. Ba iad fíricí an cháis gur taifeadadh gur tugadh an dá eiseamal sa nóiméad céanna. Mhaígh an chosaint nach raibh sé indéanta don mheaisín anailís a dhéanamh ar dhá eiseamal laistigh den tréimhse sin. D'ainneoin fianaise ó eolaí ón mBiúró Liachta um Shábháilteacht Bóithre go raibh seo go deimhin indéanta, chinn an Breitheamh Dúiche "go raibh frisnéis dhóthanach den fhianaise toimhdithe 'prima facie' ann de réir chosúlacht na ráitis a tugadh de bhua alt 13 d'Acht 1994" agus dhíbh an breitheamh an cúiseamh. Chinn an Ard-Chúirt ar an bhfianaise a bhí os comhair na cúirte nár chóir an cúiseamh a dhíbheadh. Ní raibh in aighneacht na cosanta ach díreach tuairim agus dá bhrí sin nárbh leor é chun an toimhde a fhrisnéis.

Cásanna Diúltaithe

4.12 An 28 Iúil 2005, thug an Chúirt Uachtarach breithiúnas sa chás Director of Public Prosecutions v. Bridget Moorehouse ina raibh an cosantóir cúisithe le cion gur mhainnigh sí eiseamal anála a sholáthar "an tslí a léirigh an comhalta sin den Gharda Síochána". Déileáladh le dhá shaincheist i mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí:

4.13 I mbeagán focal, leanann an réimse d'ionchúisimh alt 49(4) de bheith faoi réir ag scrúdú breithiúnach san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach.