4.1 Tá tábhacht mhór ag gabháil leis an gcinneadh i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar ionchúiseamh. Is féidir leis an gcinneadh sin iarmhairtí tromchúiseacha a bheith aige maidir leis an duine lena mbaineann sé. Fiú amháin i gcás ina n-éigiontaítear duine cúisithe, d'fhéadfadh sé go n-áireofar ar na torthaí a ghabhann le hionchúiseamh cailleadh clú, cur isteach ar chaidreamh pearsanta, cailleadh fostaíochta agus costas airgeadais chomh maith leis an imní agus an tráma a bheadh ann tar éis cúiseamh i gcion coiriúil. I gcás íospartach agus a gcuid teaghlach, is féidir le cinneadh chun ionchúiseamh a dhéanamh a bheith ina ábhar goilliúna. Tar éis don íospartach cinneadh a dhéanamh chun coir a thuairisciú ar cinneadh é sin a d'fhéadfadh a bheith an-deacair go minic agus trámatach uaireanta, b'fhéidir go gceapfadh sé nó sí go bhfuiltear ag diúltú dó nó di nó nach bhfuiltear á chreidiúint nó a creidiúint.
4.2 Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, breithniú cúramach a dhéanamh ar an gcinneadh i dtaobh ionchúiseamh a dhéanamh. Ach d'ainneoin na n-iarmhairtí tábhachtacha atá ann dá bharr sin do na daoine aonair lena mbaineann, is cinneadh é nach mór don ionchúisitheoir a dhéanamh ar an tslí is oibiachtúla is féidir.
4.3 Mar gheall ar an tábhacht a ghabhann leis an gcinneadh i dtaobh ionchúiseamh a dhéanamh agus ar an ngá le hoibiachtúlacht tá an ceart chun ionchúiseamh a dhéanamh forchoimeádta dó féin ag an Stát i ngach cás seachas mionchásanna. Go praiticiúil, orgán de chuid an Stáit a thionscnaíonn beagnach gach ionchúiseamh coiriúil. In Éirinn, de bhua Airteagal 30 de Bhunreacht na hÉireann agus an Achta um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 déantar gach coir agus gach cion seachas iad sin a ionchúisítear i gcúirteanna dlínse achoimre a thionscnamh in ainm an Phobail agus ar agra an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, ach amháin earnáil an-teoranta cionta a ionchúisítear fós ar agra an Ard-Aighne. I gcás cionta indíotála a thionscnaítear ar agra an Stiúrthóra, is é an Stiúrthóir go pearsanta, nó oifigeach de chuid an Stiúrthóra atá údaraithe chun cinneadh den sórt sin a dhéanamh, a dhéanann an cinneadh i dtaobh an ndéanfar nó nach ndéanfar ionchúiseamh. Tá an staid maidir le cionta achoimre leagtha amach i gCaibidil 13.
4.4 Mar is amhlaidh i gcórais eile dlí choitinn, cuid bhunúsach den chinneadh i dtaobh ionchúiseamh a dhéanamh is ea an mbeadh sé ar mhaithe le leas an phobail sin a dhéanamh. Faoi réir cás prima facie a nochtadh tríd an bhfianaise atá ar fáil, is ceart ionchúiseamh a thionscnamh nó is ceart leanúint d'ionchúiseamh má tá sé ar mhaithe le leas an phobail, agus ar mhaithe leis sin amháin.
4.5 Tá a lán nithe nach mór a bhreithniú le linn cinneadh a dhéanamh i dtaobh ionchúiseamh a bheith ar mhaithe le leas an phobail. Is minic a bhíonn leas an phobail soiléir ach, i gcásanna áirithe, beidh gnéithe de leas an phobail ar son agus i gcoinne ionchúiseamh a dhéanamh.
4.6 Tá leas an phobail soiléir a mhéid a bhaineann lena chinntiú go n-ionchúisítear coireanna agus go gciontaítear agus go bpionósaítear an ciontóir. Leanann sé as sin go mbeidh sé ar mhaithe le leas an phobail, i gcoitinne, coir a ionchúiseamh i gcás dóthain fianaise a bheith ann chun gur ceart sin a dhéanamh, mura rud é go bhfuil cúis éigin ann gan ionchúiseamh a dhéanamh ar cúis é atá bunaithe ar leas an phobail. Go praiticiúil, tugann an t-ionchúisitheoir faoi gach cás trína fhiafraí ar dtús an bhfuil an fhianaise sách maith chun gur ceart ionchúiseamh a dhéanamh. Más é "níl" freagra na ceiste sin ní dhéanfar ionchúiseamh. Más é "tá" an freagra, fiafróidh an t-ionchúisitheoir, sula ndéanfar cinneadh i dtaobh ionchúiseamh a dhéanamh, an bhfuil leas an phobail i bhfabhar ionchúisimh nó an bhfuil aon chúis ann gan ionchúiseamh a dhéanamh ar cúis í atá bunaithe ar leas an phobail.
4.7 D'fhéadfadh sé go measfaí gurb ionann cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh mar nach bhfuil an fhianaise sách maith agus gné den bhreithniú a dhéantar maidir le "leas an phobail". Is féidir a rá nach bhfuil sé ar mhaithe le leas an phobail úsáid a bhaint as acmhainní poiblí chun cás a ionchúiseamh nach dócha, le réasún, go n-éireoidh leis. Thairis sin, dá dtarlódh sé go mbeadh ráta ard ionchúiseamh ann a leanann éigiontú astu d'fhéadfadh sé tarlú go mbainfí de mhuinín an phobail as an gcóras ceartais choiriúil.
4.8 Ní ceart ionchúiseamh a thionscnamh mura bhfuil cás prima facie ann i gcoinne an chúisí. Ciallaíonn sé sin go bhfuil fianaise inghlactha, shubstaintiúil, iontaofa ann go ndearna an cúisí cion coiriúil atá aitheanta sa dlí. Ní mór an fhianaise a bheith de chineál a d'fhágfadh go bhféadfadh giúiré, a bhfuil treoir chuí faighte aige faoin dlí iomchuí, tátal a bhaint as gan aon amhras réasúnach go raibh an cúisí ciontach sa chion ar ciontaíodh ina leith é nó í.
4.9 Ag féachaint ar neart na fianaise ní leor go mbeadh cás prima facie díreach ann féin ann. Chomh luath agus a bheidh sé bunaithe go bhfuil cás prima facie ann ní mór ansin breithniú a dhéanamh an n-éireodh le ciontú. Níor chóir go ndéanfadh an t-ionchúisitheoir cúiseamh sa chás nach bhfuil aon chosúlacht réasúnach ann go ndéanfaí ciontú os comhair giúiré réasúnach nó os comhair breithimh i gcásanna a d'éisteofaí gan giúiré. Níl aon fhoirmle bheacht mhatamaiticiúil ann chun freagra a thabhairt ar an gceist i dtaobh cad is brí le ar dóigh dó le réasún go bhfaighfear ciontú. Níl an cleachtas ann riail a oibriú ar fúithi nach mór a mheas gur dóchúla ciontú ná éigiontú. Ach is léir nach ceart ionchúiseamh a thionscnamh mura bhfuil dóchúlacht ar bith ann, le fírinne, go bhfaighfear ciontú. I gcás an dóchúlacht go bhfaighfear ciontú a bheith íseal, d'fhéadfadh sé tarlú go ndéanfar nithe eile, lena n-áirítear tromchúis an chiona, a chur san áireamh nuair atáthar ag cinneadh an ndéanfar ionchúiseamh.
4.10 Le linn measúnú a dhéanamh ar an dóchúlacht go bhfaighfear ciontú, ní mór don ionchúisitheoir inghlacthacht, leordhóthanacht agus neart na fianaise a thabharfar le linn na trialach a mheas. Chuige sin, tá gá le cinneadh a dhéanamh nach cinneadh fánach é ach gur cinneadh é i dtaobh an ionann ráiteas, nó grúpa ráiteas, agus cás prima facie. Ní mór don ionchúisitheoir a mheas an dealraitheach go bhfuil finnéithe iontaofa agus inchreidte. D'fhéadfadh sé nach mbeadh líomhaintí i dtaobh éagóra coiriúla iontaofa ar a lán cúiseanna. D'fhéadfadh sé nach bhfuil bonn leo nó go bhfuil siad mí chruinn gan a bheith cumtha d'aon turas. D'fhéadfadh sé go n-éiríonn siad as earráid dhaonna nó d'fhéadfadh sé go ndéantar go mailíseach iad. Ní féidir glacadh le ráitis, dá bhrí sin, mar a thugtar iad agus ní féidir gníomhú dá réir gan breithniú a dhéanamh ar a n-inchreidteacht. Le linn measúnú a dhéanamh i dtaobh an dócha go bhfaighfear ciontú ní mór don ionchúisitheoir a chuimhneamh go bhfuil an dualgas ar lucht an ionchúisimh an giúiré a shásamh maidir le ciontacht an chúisí gan aon amhras réasúnach. Le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh an ndéanfar ionchúiseamh, ní mór cuimhneamh ar an dualgas sin ar dualgas é a fhágann nach mór níos mó ná dóchúlacht a bheith ann.
4.11 Ní leor é go léireodh an fhianaise ar choimheá na dóchúlachta go raibh sé níos dóichí go ndearna an té a bhfuil drochamhras air an cion agus sin amháin ach nach dtéann sí chomh fada agus go mbunódh sí go bhfuil sé ciontach gan aon amhras réasúnach. Ar an údar sin atá sé tábhachtach go mbíonn fianaise neamhspleách ann a thacaíonn le scéal an ghearánaigh. D'fhéadfadh sé gur fianaise ó fhinné eile a bheadh ann nó fianaise dlíeolaíochta mar méarloirg nó fianaisae DNA ó fhíocháin coirp. Déanann sé sin an cás níos láidre ná ceann bunaithe ar fhocal duine amháin in aghaidh duine eile. Sa chás fiú amháin go gcreideann an t-ionchúisitheoir scéal an íospartaigh b'fhéidir nach mbeadh an fhianaise sách láidir lena chur ina luí ar ghiúiré gan amhras réasúnach. Is breithiúnas bunaithe ar thaithí an ionchúisitheora é a bheith in ann a mheas an dócha an bhfaighfí ciontú. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair an measúnú sin a dhéanamh agus ar ndóigh ní féidir a bheith riamh cinnte go n-éireoidh le hionchúiseamh. Go deimhin níl aon dabht ach go dteipfidh ar chuid acu. Ní chiallaíonn sé sin áfach nár chóir ach cásanna a fheictear gur cinn 'láidre' iad a ionchúiseamh. Ba chóir go dtabharfadh an measúnú ar an dóchúlacht go ndéanfaí ciontú aird ar ról lárnach na gcúirteanna sa chóras ceartais choiriúil ó thaobh ciontach agus neamhchiontach a chinneadh. Ní fachtóir ábhartha réamhcheapadh ó thaobh an ionchúisitheora maidir le tuairimí giúiré faoi ábhar an chiona. Caithfidh an t-ionchúisitheoir glacadh leis go ndéanfaidh an giúiré a dhualgas agus go ngníomhóidh siad go neamhchaonta.
4.12 Níl sé beartaithe anseo, fiú amháin dá mbeadh sé indéanta, na rudaí go léir a leagan amach nach mór don ionchúisitheoir a bhreithniú le linn measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht agus neart na fianaise. Tá gach cás uathúil, agus tá éagsúlacht thaithí agus iompar an duine chomh mór sin nach féidir liosta iomlán a dhéanamh de na nithe go léir a d'fhéadfadh teacht chun cinn. D'fhéadfadh na ceisteanna seo a leanas a bheith ann:
4.13 Le linn an fhianaise a mheas, is ceart don ionchúisitheoir freisin aird a thabhairt ar aon chosaintí is follasach atá ar fáil don chúisí nó atá léirithe ag an gcúisí.
4.14 Is ar an gCúirt sa deireadh thiar a bheidh sé inchreideacht agus iontaofacht fianaise a mheas. Sa chás go mbeadh imní mhór thromchúiseach faoi iontaofacht fhianaise riachtanach ní bheadh imeachtaí cúirte coiriúla cuí.
4.15 Ní amháin nach mór an fhianaise a mheas i dtosach ach ní mór í a athbhreithniú ag gach céim de na himeachtaí. Beifear ag súil go léireoidh an t-imscrúdaitheoir tuairimí faoin bhfianaise nuair a tharchuirfear an cás chuig na húdaráis ionchúisimh. Mar an gcéanna, is ceart don Aturnae a dhéileálann leis an gcás aon tuairimí atá aige nó aici a léiriú. An Stiúrthóir nó duine dá oifigigh a dhéanamh an cinneadh príomha chun cúiseamh a dhéanamh nuair a tharchuirtear an comhad chuig Oifig an Stiúrthóra. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Stiúrthóir nó a oifigeach a iarraidh ar na húdaráis imscrúdaithe tuilleadh oibre imscrúdaithe a dhéanamh. D'fhéadfadh sé nach cinneadh críochnaitheach é cinneadh gan cúiseamh a dhéanamh, go háirithe más é amháin is cúis leis an gcinneadh sin ná neamhdhóthanacht na fianaise. D'fhéadfadh sé gur fearr tionscnamh imeachtaí a chur siar mar gheall ar easpa fianaise seachas nach n-éireodh le himeachtaí mar go dtionscnaítear iad ró-luath. Nuair a chuirtear páipéir chuig abhcóide, bítear ag súil freisin go mbreithneoidh sé nó sí dóthanacht na fianaise, mar gurb inmholta aghaidh a thabhairt ar aon fhadhbanna den sórt seo a luaithe is féidir.
4.16 Aon uair is deimhin leis an ionchúisitheoir atá ag déileáil leis an gcás go bhfuil dóthain fianaise ann chun gur ceart ionchúiseamh a thionscnamh nó a choimeád ar bun, is é an chéad rud eile atá le breithniú ná, ag féachaint do na fíorais inchruthaithe agus do na himthosca go léir atá i gceist, an gá, de réir leas an phobail, ionchúiseamh a dhéanamh. Níl aon riail ann nach mór gach cion a bhfuil dóthain fianaise ann ina leith a ionchúiseamh.
4.17 Ní hionann, ó chás go cás, na nithe a bheidh le cur san áireamh go cuí le linn a chinneadh an gá ionchúiseamh de réir leas an phobail. Mar atá luaite cheana féin, is gné de chuid leas an phobail é féachaint chuige go gciontaítear agus bpionósaítear an ciontóir agus go bpionósaítear coireacht. Dá thromaí an cion, agus dá fheabhas an fhianaise thacaíochta ina leith, is ea is lú an dóchúlacht go sárófar an leas sin le hábhar éigin eile. Is é an chéad rud atá le breithniú, dá bhrí sin, le linn a mheas cén áit a bhfuil leas an phobail ná tromchúis an chiona líomhnaithe agus an bhfuil aon ghnéithe ann a mhéadaíonn leis an tromchúis nó a mhaolaíonn an tromchúis.
4.18 De ghnáth, is é is éifeacht leis na gnéithe méadaitheacha seo a leanas, nach liosta iomlán é, ná tromchúis an chiona a mhéadú agus má tá siad ann is mó an dóchúlacht gur gá ionchúiseamh a dhéanamh de réir leas an phobail:
4.19 Os a choinne sin, is gnáth go ndéanann na gnéithe maolaitheacha seo a leanas, má tá siad ann, tromchúis an chiona a laghdú agus, ar an ábhar sin, go laghdaítear an dóchúlacht gur gá ionchúiseamh a dhéanamh de réir leas an phobail:
4.20 I dteannta nithe a fhearann ar thromchúis ciona, áirítear an méid seo a leanas ar nithe eile a d'fhéadfadh teacht chun cinn le linn breithniú a dhéanamh i dtaobh an gá ionchúiseamh a dhéanamh de réir leas an phobail:
4.21 Braithfidh ábharthacht na nithe sin agus fachtóirí eile agus an tábhacht a ghabhann leo ar imthosca gach cás ar leith. Tá tábhacht faoi leith le cothroime agus comhleanúnachas. Ach ní chiallaíonn cothroime agus comhleanúnas righneas. Ní féidir an critéar ó thaobh fheidhmiú roghnú gan ionchúiseamh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail a laghdú ina fhoirmle mhatamaiticiúil; go deimhin níor mhaith an ní sin a dhéanamh. Léirionn fairsinge na bhfachtóirí a chaithfear a bhreithniú agus an rogha á dhéanamh an gá atá le prionsabail ghinearálta a fheidhmiú i gcásanna aonair.
4.22 I gcás gnéithe maolaitheacha a bheith ann i gcás áirithe, is ceart don ionchúisitheoir breithniú a dhéanamh i dtaobh an gnéithe iad is ceart a chur san áireamh ag an gcúirt a fhorchuirfidh pianbhreith má chiontaítear duine seachas nithe is ceart a bheith ina gcúis le cinneadh gan ionchúiseamh a dhéanamh. Dá ainneoin sin, i gcás nach bhfuil an cion líomhnaithe chomh tromaí sin gur léir gur gá ionchúiseamh a dhéanamh, is ceart don ionchúisitheoir breithniú a dhéanamh i dtaobh an gá ionchúiseamh a dhéanamh de réir leas an phobail.
4.23 Ba chóir don ionchúisitheoir in aon chás ina bhfuil moill fhada tarlaithe ó rinneadh an cion breithniú i gcomhthéacs dlíchás na gcúirteanna an bhfuil an oiread moille ann agus nár chóir don chás dul ar aghaidh. Ní hé aidhm na míre seo iarracht a dhéanamh achoimre a dhéanamh ar an méid mór dlíchás atá ann anois maidir leis an ábhar seo ach i measc na nithe a bhféadfadh tábhacht a bheith leo agus ar chóir don ionchúisitheoir smaoineamh orthu tá na nithe seo a leanas;
4.24 Sa chás go meastar go dtabharfar imeachtaí athbhreithniú breithniúnach chun cosc a chur le triail agus sa chás go mbeadh fianaise shíceolaíochta cuí do na himeachtaí sin féadfaidh an t-ionchúisitheoir féachaint le tuairisc a fháil ó shíceolaí sula dtosóidh na himeachtaí.
4.25 Cuirfidh eiseachadadh daoine a theastóidh chun freagairt d'aon chúiseamh ciona nó chun pianbhreith a forchuireadh orthu a chur isteach costas ar an Stát. I gcás cionta tromchúiseacha beidh sé cuí costais den sórt sin a thabhú sa chás go mbeidh ionchais réasúnacha ann go ndéanfar ciontú le muinín a chothabháil i riaradh an dlí agus le ciontóirí a chosc ó éalú ón gceartas.
4.26 Sa chás go mbeidh sé i gceist céimeanna a ghlacadh chun eiseachadadh a dhéanamh, chomh maith le measúnú ar an gcás ionchúisimh de réir na dtreoirlínte seo a dhéanamh ba chóir aird ar leith a thabhairt ar na fachtóirí seo a leanas:
4.27 Maidir le cinntí gan ionchúisimh a dhéanamh déanfar athbhreithniú ar chinntí den sórt sin i gCaibidil 12.
4.28 Sa chás go mbeidh cinneadh déanta imeachtaí coiriúla a thionscnamh beidh an t-ionchúisitheoir fós faoi dhualgas a chinntiú go mbeidh an cinneadh fós ar mhaithe le leas an phobail. Sa chás go dtiocfaidh athrú ar imthosca nó má fhaigheann an t-ionchúisitheoir eolas nua ní mór féachaint ar chóir leanúint leis an ionchúiseamh.
4.29 Ba chóir ceadú an Stiúrthóra, nó oifigigh ghairmiúil a stiúraigh an t-ionchúiseamh, a fháil i gcás aon tarraingt siar cúiseamh nó ó thaobh cúisimh nua a chur chun cinn. B'fhearr cumarsáid den sórt sin a dhéanamh tríd an bPríomh-Aturnae Ionchúisimh nó tríd an Aturnae Stáit a bhíonn ag déileáil leis an gcás. Má tharlaíonn sé de bharr easpa ama go gcaitear teagmháil dhíreach a dhéanamh leis leis an Oifigeach Gairmiúil ba chóir toradh na gcomhphléite a chur in iúl don Phríomh-Aturnae Ionchúisimh nó don Aturnae Stáit áitiúil. Ba chóir sin a dhéanamh i scríbhinn agus a chur ar aghaidh chuig an Rannán Stiúrtha.
4.30 Ní chiallaíonn neamhspleáchas an Stiúrthóra go gcaithfear iad sin a d'imscrúdaigh an scéal a choinneáil as an bpróiseas déanta cinntí. Agus cinneadh á dhéanamh an ndéanfar nó nach ndéanfar ionchúiseamh, nó go leanfar le ceann, agus má dhéantar cad é an cúiseamh nó na cúisimh a bheidh i gceist, cuirfear san áireamh go cúramach aon tuairimí a chuireann an t-imscrúdaitheoir chun cinn. Má bhíonn an t-ionchúisitheoir ag cuimheamh na cúisimh a bhíonn déanta cheana féin a athrú, nó cás a stopadh, ba chóir dó nó di smaoineamh ar dhul i gcomhairle leis an imscrúdaitheoir ar dtús, mar go mb'fhéidir go mbeadh eolas cuí nó tuairimí úsáideacha ag an duine sin. Tabharfaidh sé sin deis don imscrúdaitheoir aon eolas eile a dhéanfadh difear don chinneadh a chur ar fáil. Sa deireadh thiar áfach is é an Stiúrthóir nó na hoifigigh gairmiúla ag féachaint do na nithe atá leagtha amach sna Treoirlínte seo a dhéanfaidh an cinneadh.
4.31 Féadfar imeachtaí ar feitheamh ar díotáil a bhac trí nolle prosequi a iontráil. Ní féidir nolle prosequi a iontráil ach amháin le treoir ón Stiúrthóir nó ó oifigigh ghairmiúla an Stiúrthóra. D'fhéadfadh imthosca a bheith ann gur nolle prosequi an bealach is fearr chun stop a chur le himeachtaí a mheasann an t-ionchúisitheoir nár chóir leanúint leo. Cuireann nolle prosequi bac ar an ionchúiseamh ach ní fheidhmíonn i ngach imthoisc mar chosc ar thuilleadh imeachtaí agus is féidir an cúisí a athdhíotáil sa chás nach ionann sin agus mí-úsáid próisis.
4.32 Mura n-éiríonn le giúiré teacht ar fhíorasc i gcás faoi leith nó mura dtéann triail chun críche ba chóir breithniú cibé ar chóir an dara triail nó triail ina dhiaidh sin a bheith ann ar mhaithe le leas an phobail. Ba chóir sa bhreithniú sin go n-áireofaí measúnú an dócha go n-éireodh le giúiré in atriail teacht ar fhíorasc ar an bhfianaise a bhíonn ar fáil. Sa chás go n-easaontaíonn an dara giúire ní éileodh leas an phobail de ghnáth an tríú triail ar an duine a bhíonn cúisithe ach ba chóir cinneadh a dhéanamh ar gach cás as a chonlán féin.
4.33 Fachtóirí cuí ba chóir a bhreithniú agus cinneadh á dhéanamh ar chóir atriail a bheith ann: