3 Forbairtí Dlíthiúla 2005

3.1 Is é cuspóir na caibidle seo ná athbhreithniú achomair a dhéanamh ar na cinntí is tábhachtaí nó is spéisiúla i réimse an dlí choiriúil i 2005.

3.2 Mar a rinneadh blianta roimhe seo, tugann na cásanna a roghnaíodh blas den chineál saincheisteanna dlí a ardaítear i réimse an dlí choiriúil. Níl sé i gceist go dtabharfadh an chaibidil seo athbhreithniú cuimsitheach ar na forbairtí go léir sa dlí coiriúil i rith na bliana. D'fhéadfadh léitheoirí ar spéis leo athbhreithniú den sórt sin féachaint ar Binchy and Byrne's Annual Review of Irish Law 2005.

Díobháil Thromchúiseach

3.3 Bhreithnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil an bhrí atá le 'díobháil thromhchúiseach' sa chás Director of Public Prosecutions v. Keith Kirwan (No. 2), (neamhthuairiscithe, 28 Deireadh Fómhair 2005). Sainmhíníonn alt 1 den Acht um Chionta Neamh-mharfacha in Aghaidh an Duine, 1997 díobháil thromchúiseach mar "gortú is bun le priacal substaintiúil báis nó is cúis le máchailiú tromchúiseach nó le cailleadh nó lagú substaintiúil luaineacht an choirp ina iomláine nó fheidhm aon bhaill nó orgáin áirithe den chorp." Ba í an tsaincheist sa chás ná cibé ar éiligh an sainmhíniú reachtúil go mbeadh méid áirithe buaine i gceist. Thug an Chúirt ar aird nach raibh na focail 'buan' nó 'fadfhulaingeach' sa reachtaíocht agus tháinig ar an tátal go raibh an tOireachtas go comhfhiosach ag baint ceanglais bhuaine nó fiú iarmhairtí fadtéarmacha as an sainmhíniú ar dhíobháil thromchúiseach.

3.4 I gcás an mháchailithe líomhnaithe áfach, tháinig an chúirt ar an tátal go gcuireann 'máchailiú' toradh in iúl seachas éifeacht láithreach. Caithfidh cúirt nó giúiré toradh aon chóir liachta iarbhír a thugtar nó a fhaightear a chur san áireamh, agus ní díreach dreach na díobhála láithreach tar éis an ionsaí, nuair a bhítear ag meas an ndearnadh máchailiú tromchúiseach.

Pianbhreith a Ghearradh - cibé an fachtóir tromaithe ann féin bás mar thoradh ar thiomáint neamhaireach

3.5 In Director of Public Prosecutions v. Peter O'Dwyer (neamhthuairiscithe, 28 Iúil 2005) bhreithnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil nuair a fhaigheann duine bás mar thoradh ar thiomáint neamhaireach, cibé an fachtóir tromaithe an bás sin a bheadh le breithniú tráth a mbeadh an phianbhreith le gearradh. Fuarthas an t-iarratasóir neamhchiontach de thiomáint chontúirteach is cúis le bás ach chiontaigh giúiré sa Chúirt Chuarda é i dtiomáint neamhaireach agus gearradh mí amháin príosúnachta air, curtha ar fionraí ar feadh 18 mí ar bhanna. Formhuiníodh a cheadúnas freisin. Ar mhótarfheithicil an iarratasóra a scrúdú, tar éis timpiste inar maraíodh duine de ghluaisrothar, thug na Gardaí faoi deara go raibh na boinn maol agus faoin teorainn dhlíthiúil. Lorg an t-iarratasóir cead an mhír coimeádta den phianbhreith a achomharc ar an bhforas go ndearna an breitheamh trialach earráid nuair a bhí an phianbhreith á gearradh tríd an bás a chur san áireamh in imthosca gur ar thiomáint mhíchúramach amháin a bhí an t-iarratasóir ciontaithe. Chinn an Chúirt ó tharla gur bhásaigh an duine gur fachtóir é a d'fhéadfaí a chur san áireamh an tráth a mbeadh an phianbhreith á gearradh ach go mbraithfeadh sé sin ar chinneadh na cúirte maidir leis an bpríomhcheist faoin méid míchúraim agus ciontacht na tiomána. In imthosca an cháis seo, bheadh sé míchionmhar féachaint ar an mbás mar fhachtóir tromaithe ann féin.

Moill - Cionta Trácht ar Bhóithre

3.6 Breithníodh an tsaincheist de mhoill i gcomhthéacs trácht ar bhóithre i roinnt cásanna. In Cillian Fennell, Ard-Chúirt, (neamhthuairiscithe, 26 Aibreán, 2005), cinneadh nach raibh moill de dhá bhliain agus cúig mhí iomarcach, cé nach raibh sé inmhianta, nuair a bhí cúiseanna réasúnacha ann don mhoill. Tharla an mhoill mar gheall gur cuireadh an cás ar atráth roinnt uaireanta de bharr liostaí fada cúirte agus gan fáil a bheith ar fhinné de chuid an Gharda Síochána na dátaí a bhí socraithe don triail.

3.7 Ar an gcaoi chéanna, in Director of Public Prosecutions v. Colin O'Sullivan, An Ard-Chúirt (neamhthuairiscithe, 11 Deireadh Fómhair 2005), cé go bhfuarthas go raibh an mhoill de dhá bhliain agus trí mhí ó dháta an chiona go dtí dáta na héisteachta iomarcach, níor cuireadh isteach ar cheart bunreachtúil an chúisí ar thriail tapaidh.

Rochtain ar Aturnae fad a bhítear i gCoimeád

3.8 Rinneadh iniúchadh ar pharaiméadair chearta dhuine coinnithe rochtain a bheith aige nó aici ar chomhairle dlí fad a bheadh an duine sin coinnithe i gcoimeád an Gharda Síochána in O'Brien v. Director of Public Prosecutions, an Chúirt Uachtarach (neamhthuairiscithe 5 Bealtaine, 2005). I rith choinneáil an achomharcóra, mol na Gardaí aturnae nach raibh in ann freastal ar stáisiún na nGardaí ar feadh tréimhse de bheagnach cúig uair an chloig. Rinne an t-achomharcóir ráitis sular tháinig an t-aturnae agus sula ndeachthas i gcomhairle leis an aturnae, a rialaigh an breitheamh trialach nach bhféadfaí glacadh leo, óir go raibh sárú déanta ar cheart bunreachtúil an achomharcóra comhairle a fháil ó aturnae. Dheimhnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil go mba cheist dlí a raibh tábhacht phoiblí eisceachtúil léi cibé an raibh an tréimhse coinneála go léir mídhleathach de bhua an tsáraithe d'aonghnó agus chomhfhiosaigh ar a cheart rochtain a fháil ar aturnae, agus cibé an raibh na ráitis go léir a rinne an t-achomharcóir le linn na coinneála sin neamh-inghlactha i bhfianaise nó cibé arbh iad na ráitis a rinneadh sular tugadh rochtain ar aturnae don achomharcóir amháin ba cheart a eisiamh. Dhíbh an Chúirt Uachtarach an t-achomharc, á chinneadh gurb í an mhoill i gcomhairle dlí a thabhairt don achomharcóir a bhí mídhleathach; mar sin féin, rinneadh a chuid cearta bunreachtúla a aiseag nuair a fuair sé comhairle dlí, agus dá bhrí sin d'fhan sé gafa agus coinnithe go cuí faoi alt 4 d'Acht 1984. Dá réir sin, bhí an t-iarratasóir i gcoinneáil dhlíthiúil an tráth a ndearna sé na ráitis tar éis dá aturnae teacht agus glacadh na ráitis sin le ceart i bhfianaise.

Gabháil faoi Alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939

3.9 In Director of Public Prosecutions v. Tyndall (neamhthuairiscithe, 3 Bealtaine 2005) bhreithnigh an Chúirt Uachtarach na ceanglais maidir le gabháil bhailí faoi alt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939, in imthosca nár tugadh aon fhianaise faoi dhrochamhras a bheith ar chomhalta den Gharda Síochána go ndearna an t-achomharcóir cion sceidealta ag tráth na gabhála. Éilíonn an t-alt go soiléir go mbeadh drochamhras ar an gcomhalta a dhéanann an ghabháil agus go gcaithfear fianaise den drochamhras sin a thabhairt i bhfianaise dhíreach nó i bhfianaise indíreach. Chinn an Chúirt gur cruthúnas riachtanach é an drochamhras sin, cé nach bhfuil sin sainmhínithe san acht, agus gur chóir go mbeadh sé bona fide agus nach mbeadh sé neamhréasúnach. Is fíric é atá le cruthú le fianaise dhíreach, nó is féidir tátal a bhaint as ó na himthosca. Ní raibh na himthosca sa chás seo den sórt sin go mbeadh ar chumas cúirte tátal a bhaint astu go raibh drochamhras ann.

Fianaise Dlí-Eolaíochta

3.10 In Director of Public Prosecutions v. Boyce (neamhthuairiscithe, 21 Nollaig 2005) bhreithnigh an Chúirt Uachtarach samplaí coirp a ghlacadh le haghaidh tástáil dlí-eolaíochta agus DNA. Fuair na Gardaí sampla fola le lántoil agus saorthoil an achomharcóra, gan aird ar fhoirmiúlachtaí an Acht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí-Eolaíochta), 1990. Rinneadh an argóint nach bhféadfaí glacadh leis an sampla mar nár tógadh an sampla de réir an Achta. Chinn an Chúirt Uachtarach nach gcuireann an tAcht teorainn ar cheart na nGardaí samplaí dlí-eolaíochta a thugtar go saorálach a thógáil nó a ghlacadh ó dhaoine. Má fhaightear fianaise dlí-eolaíochta go dlíthiúil i ndáil le cion áirithe a thugann fianaise i ndeireadh thiar i ndáil le cionta eile, ní fhágann sé sin i bprionsabal nach féidir glacadh leis mura ndán agus go mbíonn gnéithe speisialta eile ar nós ansmacht nó meon mímhacánta ann.

3.11 Bhreithnigh an Chúirt freisin cibé ar chóir déileáil le samplaí dlí-eolaíochta ar an gcaoi chéanna le ráitis inchoiritheacha chun críche an dlí a bhaineann le féin-inchoiriú. D'aontaigh an Chúirt le cur chuige na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Saunders v. United Kingdom ([1997] 23 EHRR 313), ina breithniú ar an gceart gan duine inchoiriú a dhéanamh air féin nó uirthi féin, ag déanamh idirdhealú idir ráitis féin-inchoiritheacha a dhéanann an cúisí agus cineálacha eile fianaise dlí-eolaíochta a bhíonn ann go neamhspleách ar thoil an chúisí. Is ann do nithe ar nós samplaí dlí-eolaíochta, doiciméid agus maoin eile an chúisí a d'fhéadfaí a fháil le linn bhailiú na fianaise go neamhspleách ar thoil an chúisí, agus níl a luach oibiachtúil fianaise spleách ar ráiteas nó cumarsáid féin-inchoiritheach ón gcúisí.

3.12 Breathnaíodh freisin ar pharaiméadair chroscheistiú fianaise saineolaí. Luaigh an finné saineolaí sleachta ón litríocht eolaíochta. Cuireadh béim air nach raibh an lua nó na sleachta sin ina gcuid den fhianaise. Mura mbíonn an ní a luaitear ón sliocht inghlactha ag an bhfinné saineolaí ansin is féidir leis an abhcóide don chosaint, má mheasann siad gur cuí sin a dhéanamh, fianaise saineolaí a ghairm a thacódh leis an ní sin agus d'fhéadfadh an fhianaise saineolaí sin a bheith ag brath ar an ní a luadh ón téacsleabhar nó ón tráchtas, nó d'fhéadfadh sé an ní sin a ghlacadh.

Acht an Gharda Síochána 2005

3.13 Is é Acht an Gharda Síochána an chéad mhór-athbhreithniú ar oibríocht an Gharda Síochána ó bhunú an Stáit, agus tá roinnt athchóirithe ann i ndáil le bainistiú agus riarachán an fhórsa. Déanann sé soiléiriú freisin ar fheidhmeanna agus ar chuspóirí an fhórsa. Soláthraíonn alt 8 an bonn reachtúil d'ionchúiseamh cionta achoimre ag comhaltaí den Gharda Síochána in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus cuireann sé ar chumas an Stiúrthóra an cleachtas a rialáil. Déanfar sin trí threoracha sainiúla nó ginearálta a thabhairt maidir le tionscnamh agus stiúradh ionchúiseamh, agus aon ionchúiseamh a thionscnaíonn comhalta den Gharda Síochána a ghlacadh ar láimh agus leanúint ar aghaidh leis nó é a fhoirceannadh.