Is é cuspóir na caibidle seo ná léargas gairid a thabhairt ar na cinntí is mó tábhacht nó is mó spéise i réimse an dlí coiriúil i rith na bliana 2004.
Mar a rinneamar sna blianta seo caite, roghnaíodh na cásanna chun na cineálacha saincheisteanna dlí a tháinig chun cinn i réimse an dlí coiriúil a léiriú. Níl sé mar aidhm ag an gcaibidil léargas cuimsitheach a thabhairt ar na forbairtí go léir sa dlí coiriúil i rith na bliana. Tá léargas den sórt sin le fáil i Binchy and Byrne's Annual Review for 2004.
Ceist a lean de bheith tábhachtach don Ard-Chúirt agus don Chúirt Uachtarach i rith na bliana 2004 ná cibé acu ar chóir nó nár chóir do na cúirteanna stop a chur le cásanna stairiúla a bhain le drochúsáid ghnéasach. Is cásanna iad seo ina dtagann gearánáithe ar aghaidh mar dhaoine fásta chun a líomhaint go ndearnadh drochúsáid ghnéasach orthu mar leanaí. Nuair a dhéantar an gearán bíonn, deich, fiche nó níos mó de bhlianta caite ón uair a líomhnaítear gur tharla an drochúsáid ghnéasach. Tá sé de nós ag an cúirteanna díriú ar thrí cinn de shaincheisteanna. Ar dtús, aon mhíniú atá ar aon mhoill ó thaobh an ghearánaí de chun theacht ar aghaidh chun gearán a dhéanamh chuig an Garda Síochána. Sa dara áit, aon dochar a bheidh déanta don chúisí mar thoradh ar mhoill den sórt sin. Sa tríú áit, aon mhoill ar an gcás a imcrúdú nó a ionchúiseamh tar éis don ghearán a bheith déanta.
Bhí na saincheisteanna faoi chaibidil ag an gCúirt Uachtarach in P.L. v. Director of Public Prosecutions (unreported, 20 December 2004). Dúradh gur tharla an drochúsáid ghnéasach a líomhnaíodh taobh thiar de dheasc an mhúinteora i seomra ranga ina raibh daltaí eile i láthair. Ba ghné lárnach sa chás fianaise maidir leis an gcineál deasc a bhí ann agus cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh sé aon drochúsáid ghnéasach a bhí ag tarlú taobh thiar de a dholéiriú. Ní raibh an deasc ar fáil níos mó. Rialaigh an chúirt go raibh priacal ann a bhí fíor agus substaintiúil go mbeadh triail mhíchóir ann mar gheall ar an deasc gan a bheith ar fáil agus an ganntanas fianaise thánaisteach maidir le struchtúr an deasca, mar gheall ar an am a bhí caite. Dá bhrí sin rialaigh an chúirt nach bhféadfadh an triail dul ar aghaidh. Tar éis comhaontú a bheith ann maidir leis an saincheist lárnach seo, bhí difríochtaí i mbreithiúnais eile ón gCuirt Uachtarach maidir le saincheisteanna eile, ar nós cibé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh moill thaispeántach de chuid an ghearánaí a bheith chomh fada agus a chruthódh fíor-phriacal go mbeadh an triail mí-chóir agus a d'fhírinneodh cosc a chur leis an triail, i gcás nach mbeadh dochar taispeántach ann. Soléiríonn na trí bhreithiúnais roinnt saincheisteanna suimiúla ar dóigh go mbeidh an Chúirt Uachtarach ag díriú orthu arís i gcásanna eile.
In Dylan Creaven v. Criminal Assets Bureau (unreported, 29 October 2004) chinn an Chúirt Uachtarach go raibh sé de dhualgas ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche a bheith i láthair ina dhúiche nó ina dúiche féin chun dlínse a bheith aige nó aici chun barántas a eisiúint. Sa chás áirithe bhí an breitheamh den Chúirt Dúiche ceaptha go sealadach do roinnt dúichí Cúirte Dúiche éagsúla lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus bhí roinnt barántais cuardaigh eisithe aige nó aici i ndáil le gach ceann de na dúichí. Le linn an phróisis bhí an breitheamh i láthair go fisiciúil i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath. Chinn an Chúirt Uachtarach gur thug an reachtaíocht a rialaíonn an Chúirt Dúiche éifeacht do bheartas leanúnach chun cumhachtaí bhreithiúna den Chúirt Dúiche a fheidhmiú de réir na ndúichí a sanntar dóibh iad. Mar sin féin, rialaigh an Chúirt Uachtarach nach raibh aon bhac ar bhreitheamh den Chúirt Dúiche a bheith sannta do níos mó ná dúiche amháin ag an am céanna.
De bhrí nach bhfuil cónaí ar roinnt breithiúna den Chúirt Dúiche lasmuigh de Bhaile Átha Cliath ina ndúichí féin beidh impleachtaí oibríochta praiticiúla ag an rialú don Gharda Síochána agus iad ag lorg barántais ag tráthannna nach mbeidh an Chúirt Dúiche ag suí.
Aistríodh an fheidhm chun réamhscrúdú a sheoladh maidir le cás an ionchúisimh roimh thriail ar díotáil ón gCúirt Dúiche chuig an gcúirt trialach leis an Acht um Cheartas Coiriúil, 1999. In Eamon Cruise v. Judge Frank O'Donnell and Director of Public Prosecutions (unreported, 8 December 2004) bhí air an Ard-Chúirt breith a thabhairt maidir le feidhm chúirt trialach chun réamhscrúdú a sheoladh faoin bhforáil nua agus cinneadh a dhéanamh cibé acu an raibh nó nach raibh aon athrú ar an bhfeidhm a bhíodh á díscaoileadh ag an gCúirt Dúiche roimhe sin. Rialaigh an chúirt nach raibh aon athrú bunúsach tagtha ar an bhfeidhm agus gur mar chuid den phróiseas trialach a bheidh ceisteanna maidir le hinghlacthacht i bhfianaise le breith.
Bhí rialuithe i gceart ag breitheamh na Cúirte Cuarda nach bhféadfaí an cheist maidir le bailíocht an bharántais chuardaigh agus inghlacthacht fianaise a fuarthas ar scór an bharántais a bhreithniú mar chuid den réamhscrúdú. Dúirt an Ard-Chúirt gurb é cuspóir an phróisis réamhscrúdaithe ná ligean don chúisí iarratas a dhéanamh an cás a dhíbhe i gcás ina raibh fianaise an ionchúisimh chomh lag sin nach raibh cúis dhóchúil ann chun a chreidiúint go raibh an cúisí ciontach.
Bhreithnigh an Chúirt Achomhairc Choiriúil dualgas an ionchúiseora glaoch ar fhinnéithe in Director of Public Prosecutions v. Raymond Casey and Anthony Casey (unreported, 14 December 2004). Sa chás sin i dtriail i leith dúnmharú chinn an t-ionchúiseamh gan glaoch ar fhinné a raibh ráiteas leis nó léi ar áireamh sa leabhar fianaise mar nár mheas sé go raibh an finné muiníneach. Ba chol ceathar an finné le duine de na cúisithe a thug ráitis a bhí ag teacht salach ar a chéile, agus a d'éiligh gur de thoradh ar bhagairt a rinneadh ceann de na ráitis. Lean an chúirt cinneadh a bhí déanta roimhe sin ag an gCúirt Uachtarach ó Paul O'Regan agus rialaigh sí nach raibh sé d'oibleagáid ar an ionchúiseamh finné iomchuí a ghlaoch i gcás inar cheap said go raibh an finné sin neamhmhuiníneach. De réir fíorais an cháis bhí an t-ionchúiseamh i dteideal theacht ar an dtuairim nach raibh aon ní ann a thugadh le fios go raibh aon chlaonchúis ag an ionchúiseamh gan an fhinné a ghlaoch.
Sé mhí ó dháta an chiona líomhnaithe an gnáth theorainn ama chun tús a chur le hionchúisimh achoimre. Go ginearálta níl aon teorainn ama ina gcaithfear tús a chur le cás atá á ionchúiseamh ar díotáil. Mar sin féin, ionchúisítear go leor cionta indíotáilte sa Chúirt Dúiche gach bliain. Éiríonn ceist maidir le cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil na cásanna seo faoi réir an teorainn ama sé mhí. Tá sé soiléir in Alt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 nach bhfuil feidhm ag an teorainn ama maidir le 'cion indíotáilte'. Tá sceideal de na cionta indíotailte a bhféadfar iad a thriail sa Chúirt Dúiche in Acht 1951. Glacadh leis i gcónaí go raibh feidhm ag alt 7 le haon chionta den sort sin. Ach an bhfuil feidhm ag an alt freisin maidir le cionta nach bhfuil ar áireamh sa sceideal?
Tá an nós ann gan cionta indíotáilte a chruthaítear a áireamh i sceideal Acht 1951 ach an modh chun iad a thriail a leagan amach sa reachtaíocht nua sa Chúirt Dúiche ar mhodh fhorálacha cosúil leosan atá san Acht. Sampla de seo an tAcht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus Calaoise), 2001. Má dhéileáltar le cion indíotáilte faoin Acht seo go hachomair sa Chúirt Dúiche, an bhfuil feidhm ag an teorainn ama sé mhí nó an gcuirtear cosaint ar fáil le halt 7 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951? In Director of Public Prosecutions v. Timmons (unreported, 21 December 2004) rialaigh an Ard-Chúirt nach raibh feidhm ag an teorainn ama sé mhí maidir le cion den sórt sin.
D'éirigh an cheist maidir le cibé acu an bhféadfaí nó nach bhféadfaí fianaise nua nach raibh breithnithe cheanna féin ag cúirt na trialach a bhreithniú ar achomharc ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil i gcás Director of Public Prosecutions v. George Redmond (unreported, 6 July 2004). Bhain an fhianaise nua le taifid bainc. Chinn an chúirt nach cás a bhí anseo inar mhainnigh an t-ionchúiseamh faisnéis a bhí ina sheilbh a nochtadh. Mheas an dá thaobh ag tús an triail nach raibh aon taifid bainc ann mar gheall ar an am a bhí caite. Níor tháinig sé chun solais go raibh an fhianaise ann go dtí go ndearna finné sa triail tagairt di. Sna himthosca sin ní fhéadfaí milleán a chur ar an abhcóide cosanta gan finné a cheistiú nó iarracht a dhéanamh díscaoileadh an ghiuiré a lorg. D'fhéadfaí dá réir sin an fhianaise nua a thabhairt isteach ag an triail.
In Director of Public Prosecutions v. Richard O'Carroll (unreported, 6 July 2004) bhí cosaint fhéinchosanta curtha ar aghaidh chuig an ngiúiré ag an mbreitheamh trialach ar bhonn lochtach a bhí chun tairbhe na cosanta. Bhí sé ráite ag an mbreitheamh dá mba rud é gur cheap an giúiré go raibh an méid fórsa a úsáideadh ag teastáil ón gcúisí gur chóir di an cúisí a fháil neamhchiontach. Ba cheart é a bheith ráite ag an mbreitheamh dá mba rud é go raibh méid fórsa úsáidte ag an gcúisí ar mheas sé nó sí féin gá a bheith leis ach a bhí iomarcach le réasún go bhféadfaí fíorasc dúnorgain a thabhairt. Mar a tharla sé chiontaigh an giúiré an cúisí i ndúnmharú.
D'ardaigh an t-abhcóide ionchúiseamh an tsaincheist seo leis an mbreitheamh trialach ag an am. Ní dhearna an t-abhcóide cosanta amhlaidh. Dúirt an Chúirt Achomhairc Choiriúil go raibh dualgais an achcóide ionchúisimh agus an abhcóide cosanta éagsúil. Is freagracht de chuid an achcóide ionchúisimh é comhairle a chur ar an mbreitheamh maidir le cóireacht treorach chuig an ngiúiré. Níl an chosúlacht ann go bhfuil dualgas dá samhail ar an abhcóide cosanta i gcás ina bhféadfadh sé gan a bheith chun tairbhe an chúisí.
Nótáil an chúirt go raibh an mhíthreoir don ghiúiré curtha in iúl ag an achcóide ionchúisimh do bhreitheamh na trialach, ceann a bhí tairbhiúil don chosaint. Ghníomhaigh an abhcóide cosanta i gceart gan foréilimh bailí an ionchúisimh a stialladh nó amhras a chaith orthu. Chinn an chúirt gur fhág míthreoir an bhreithimh an giúiré le léargas mícheart ar an ról fhéinchosanta, ceann a bhí chun tairbhe na cosanta. Ba cheart treoir a bheith tugtha don ghiúiré gur dónorgain an fíorasc cuí seachas éigiontú. Cuireadh an ciontú ar neamhní agus ordaíodh go mbeadh triail eile ann.
Is cosaint é saighdeadh a fhéadfaidh a fhágáil go laghdófar cúiseamh dúnmharaithe go dúnorgain. Is ábhar é do bhreitheamh na trialach a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil bonn cuí ann an chosaint a chur ag an ngiúiré. Féadfar, tráthanna áirithe, cúis dúnmharú a chosaint ar bhonn dhá chosaint, féinchosaint agus saighdeadh
In Director of Public Prosecutions v. John James Kelly (unreported, 6 February 2004) ciontaíodh an cúisí i ndúnmharú agus rinneadh achomharc chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil. Dhiúltaigh an breitheamh trialach cosaint saighdeadh a chur ag an ngiúiré. Ba é príomh bhonn cosanta an chúisí i rith a thriail go raibh an té a maraíodh ag iompar scian mór contúirteach agus gurb shin an chúis gur thug an chúisí an scian cistine chuig an teagmháil. Dúirt sé freisin gur cheap sé go ndearna an té a maraíodh iarracht le linn na troda greim a fháil ar an scian. D'éiligh sé freisin go raibh sé ar intinn aige an duine a sháigh sa choróg. Mar a tharla sé, sháigh sé an duine cheithre uaire faoin ngéag.
Ghlac an Chúirt Achomhairc Choiriúil nach raibh ach tairseach fíor íseal le sárú ag cúisí chun cosaint saighdeadh a árdú. Sa chás seo bhí bonn leordhóthanach ann chun an chosaint a árdú agus dá réir sin gur chóir an chosaint a bheith curtha chun an ghiúiré ag an mbreitheamh trialach. Athraíodh an ciontú agus ordaíodh trial nua.