3 Cód Eitice: ag leagan amach caighdeáin freagracht ghairmiúil & príomhdhualgais ionchúisitheoirí

Aidhm agus Scóip an Chóid

3.1 Is é príomhaidhm an Chóid Eitice na prionsabail agus na caighdeáin sin a aithnítear a bheith riachtanach d'ionchúiseamh ceart neamhspleách cionta a chur chun cinn agus feabhas a chur orthu. Leagann an Cód Eitice amach na caighdeáin iompair agus cleachtais a mbeifear ag súil leo ó ionchúisitheoirí a bhíonn ag obair don Siúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, nó a bhíonn ag obair thar a cheann. Is éard atá i gceist go gcuirfeadh sé leis na cóid ghairmiúla a rialaíonn iompar dlíodóirí agus seirbhísí poiblí in áit teacht ina n-áit. Sa chás go mbíonn ionchúisitheoirí faoi réir araíonachta Ardchomhairle Bharra na hÉireann nó Dhlí-Chumann na hÉireann tá dualgas orthu na caighdeáin a bhíonn leagtha amach ag a gcomhlachtaí gairmiúla faoi seach a chomhlíonadh.

3.2 Éilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ar a fhoireann féin cloí gach tráth leis an gCód. Nuair a fhostaíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí abhcóide nó aturnae a bhíonn fostaithe aige le gníomhú thar a cheann, nó nuair a údaraíonn sé aon duine le hionchúiseamh a dhéanamh thar a cheann, bíonn sé ag súil go gcloífidh an t-abhcóide, an t-aturnae nó an duine údaraithe sin leis an gCód agus go rachaidh sé i gcomhairle leis faoi aon cheist nó deacracht. Is féidir aon sárú ar an gCód ar ionann é agus sárú ar chaighdeáin infheidhme comhlachta ghairmiúil a chur ar aghaidh chuig an gcomhlacht sin lena bhreithniú.

3.3 Leagann Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse (Ciorclán 26/04) amach na príomhphrionsabail a rialaíonn iompair foirne sa Státseirbhís nua-aimseartha. Tá sé d'oibleagáid ar Ionchúisitheoirí, ar comhaltaí den Státseirbhís iad, gníomhú de réir an Chóid sin faoi réir i gcónaí ag ráthaíocht reachtúil neamhspleáchais an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus ag meabhrú stádas oifigigh an Stiúrthóra mar státseirbhísigh de chuid an Stáit agus ní de chuid an Rialtais.

3.4 Tá sé i gceist leis an gCód go mbunófar bunchaighdeáin iompair eitice. Tá sé ceaptha treoir ghinearálta, ach ní ceann mion, a thabhairt d'ionchúisitheoirí chun cuidiú leo éifeachtacht, neamhchlaontacht agus cothroime ionchúisitheoirí a chinntiú agus a chur chun cinn in imeachtaí dlí coiriúil. Ba chóir go mbeadh na dualgais bhunúsacha sin mar thionchar ar gach gné d'obair an Ionchúisitheora.

Neamhspleáchas

3.5 Comhlíonfaidh ionchúisitheoirí a gcuid feidhmeanna de réir alt 2(5) den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 a fhorálann go mbeidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna. Feidhmeoidh siad a gcuid feidhmeanna saor ó aon thionchair sheachtracha, ó mhealladh ar bith, ó bhrúnna, ó bhagairtí nó ó chur isteach go díreach nó go hindíreach ó aon chearn nó ar aon chúis.

Freagracht

3.6 Maidir le hionchúisitheoirí:

  1. ag gach tráth seasfaidh siad le riail an dlí, le hiomláine an chórais cheartais choiriúil agus an ceart ar thriail chothrom;
  2. tabharfaidh siad urraim ag gach tráth do cheart bunúsach gach duine a bheith comhionann le gach duine eile de réir dlí agus is ceart d'ionchúisitheoir staonadh ó aon idirdhealú éagórach a dhéanamh;
  3. beidh eolas agus tuiscint acu ar éagúlacht sa tsochaí agus ar dhifríochtaí a eascróidh as foinsí éagsúla lena n-áirítear, ach ní hiad amháin, cine, dath, inscne, creideamh, bunadh náisiúanch, míchumas, aois, stádas pósta, gnéaschlaonadh agus stádas sóisialach agus eacnamaíoch agus staonfaidh siad ó chlaontacht nó fabhar bunaithe ar dhifríochtaí den sórt sin a léiriú trí bhriathra nó iompar, ach amháin a mbainfidh ó thaobh an dlí le saincheisteanna in imeachtaí agus a d'fhéadfadh a bheith ina n-ábhar d'abhóideacht dhleathach;
  4. cuirfidh siad in iúl don Stiúrthóir aon ócáid ina bhféadfadh cion coiriúil a bheith déanta ag oifigeach poiblí nó ina bhféadfadh sé nó sí a bheith ag gníomhú go míchuí le linn imscrúdaithe choiriúil nó ionchúisimh le go gcuirfidh an Stiúrthóir an t-ábhar ar aghaidh go dtí na húdaráis chuí le haon ghníomh riachtanach a ghlacadh;
  5. tabharfaidh siad ar aird an Stiúrthóra aon ócáid a thiocfaidh chun eolais an ionchúisitheora go mbeadh sé nó sí páirteach i mí-iompar tromchúiseach eile agus go mba chuí go nglacfadh nó go dtionscnódh an Stiúrthóir caingean sa chás a bheidh i gceist;
  6. tabharfaidh siad aird chuí ar ionchúiseamh coireanna éillitheachta, mí-úsáid cumhachta, sárú ar chearta an duine agus coireanna eile a aithníonn dlí idirnáisiúnta go háirithe cionta a bhíonn déanta ag oifigigh poiblí.

Lánpháirteachas

3.7 Déanfaidh ionchúisitheoirí:

  1. dínit agus onóir a ngairme a chothabháil i ngach tráth;
  2. iad féin a iompar i gcónaí go gairmiúil, de réir an dlí agus de réir rialacha agus eitice a ngairme;
  3. na caighdeáin is airde lánpháirteachais agus cúraim a fheidhmiú ag gach tráth agus cinnteoidh siad go mbeidh a n-iompar gan údar gearáin;
  4. seachnóidh siad mí-iompar agus cosúlacht mí-iompair agus seachnóidh siad suímh a chothódh amhras go bhfuil fabhar i gceist nó go mbaineann cuma fabhair nó claontacht leo;
  5. ní dhéanfaidh siad dochar trína n-iompar agus a mbealach do lánpháirteachas, cothroime, agus neamhspleáchas iarbhír Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, nó trí iompar agus bealach dealraitheach den sórt sin, agus go háirithe ní ghlacfaidh siad le haon bhronntanas, duais, iasacht, fabhar, mealladh, óstacht nó sochar eile maidir le haon ní a bheidh déanta nó le déanamh nó a mainníodh a dhéanamh maidir le comhlíonadh a gcuid dualgas nó a d'fhéadfaí a fheiceáil mar ghéilleadh ar a lánpháirteachas, a gcothroime nó a neamhspleáchas. Féadfaidh ionchúisitheoir faoi réir an dlí agus aon riachtanais dlí maidir le nochtadh poiblí glacadh le bronntanas, dámhachtain nó sochar a bheidh cuí don ócáid ina dtugtar é ar an gcoinníoll nach mbeadh, agus nach bhféadfadh go bhfeicfí, an bronntanas, an dámhachtain nó an sochar sin mar ní a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar an ionchúisitheoir agus é nó í ag comhlíonadh a chuid nó a cuid dualgas nó a chruthódh cosúlacht claonachta ar shlí eile;
  6. gníomhóidh siad ag gach tráth de réir aon duaglas is infheidhme faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001;
  7. ní ligfidh siad do chaidrmh teaghlaigh, sóisialta nó eile an ionchúisitheora tionchar mí-chuí a imirt ar iompar an ionchúisitheora mar ionchúisitheoir;
  8. ní bhainfidh siad leas as stádas an phoist ná ní ligfidh amach é chun leasanna príobháideacha ná leasanna aon duine den teaghlach ná aon aon duine eile a chur chun cinn nó ní thabharfaidh ionchúisitheoirí le tuiscint, ná ní ligfidh deis do dhaoine eile a thabhairt le tuiscint, go bhfuil aon duine i gcaoi speisialta go míchuí ó thaobh tionchar a imirt orthu ó thaobh chomhlíonadh a gcuid dualgas;
  9. ní ligfidh siad go feasach le haon duine faoi réir thionchar, threoir nó údarás an ionchúisitheora aon bhronntanas, tabhartas, iasacht nó fabhar maidir le haon ní a bheidh déanta, nó le déanamh nó a mainníodh a dhéanamh, maidir lena chuid nó lena cuid dualgas nó a chuid feidhmeanna nó a cuid fheidhmeanna a iarraidh nó a ghlacadh;
  10. ní úsáidfidh ná ní nochfaidh siad aon eolas rúnda a gheofar ina gcumas mar ionchúisitheoirí d'aon chríoch nach mbaineann le comhlíonadh a ndualgas nó riachtanais an cheartais;
  11. déanfaidh siad a gcuid feidhmeanna go cneasta, go cóir, go neamhchlaonta go leanúnach agus go hoibiachtúil gan fuacht, fabhar, claonadh nó dearcadh dochrach;
  12. iompróidh siad iad féin ar shlí a choinneoidh muinín an phobail ina neamhchlaonacht ghairmiúil;
  13. ní dhéanfaidh leasanna aonair nó rannacha nó brú ón bpobal nó ó na meáin aon difear dóibh ag féachaint do leas an phobail;
  14. dícháileoidh siad iad féin óna bheith páirteach in aon ionchúiseamh nach mbeidh siad ag feidhmiú go neamhchlaonta ann nó a dhealraíonn sé do bhreathnadóir réasúnach go bhfuil an scéal amhlaidh. Áirítear ar na himeachtaí dlí sin ach ní hiad seo amháin:
    1. sa chás go mbaineann claonadh agus dearcadh dochrach ag an ionchúisitheoir maidir leis an gcúisí, leis an ngearánach nó leis an bhfinné;
    2. gur oibrigh an t-ionchúisitheoir roimhe sin mar dhlíodóir do pháirtí eile nó go raibh sé ina fhínné ábhartha san ionchúiseamh;
    3. go mbíonn leas ag an ionchúisitheoir nó duine de theaghlach an ionchúisitheora i dtoradh an ionchúisimh;
    4. má bhíonn leas ag duine a bhfuil baint aige leis an ionchúisitheoir de réir bhrí alt 2(2) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, i dtoradh an ionchúisimh a bhfuil eolas iarbhír ag an ionchúisitheoir ina leith.
  15. Tabharfaidh siad chun aird an Stiúrthóra aon chúinsí a thabharfadh ar dhuine den phobal nó ar pháirtí a mbeidh leas aige i gcás a mheas go réasúnach coimhlint leasa nó claonadh neamhchlaonachta ó thaobh an ionchúisitheora a thabhairt faoi deara.

Inniúlacht

3.8 Glacfaidh ionchúisitheoirí céimeanna réasúnacha chun a gcuid eolais, scileanna agus na scileanna pearsanta is gá chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh ceart a choinneáil, coinneoidh siad iad féin go maith ar an eolas faoi fhorbairtí dlí cuí, lena n-áirítear noirm chearta daonna, agus bainfidh siad leas chun na críche sin as aon shaoráidí oiliúna nó eile a bheidh ar fáil dóibh.