2 Athbhreithniú ar an Mbliain

2.1 Bíonn tábhacht mhór ag baint leis na cinntí a dhéanann an Oifig agus is féidir leo iarmhairtí uileghabhálacha a bheith acu do dhuine. Is gá mar sin go ndéanfaí ár gcuid oibre chuig na caighdeáin gairmiúla is airde agus go mbeidh na hacmhainní, na struchtúir, na próisis agus na córais chuí i bhfeidhm. Ní mór dúinn a chinntiú go bhforbrófar na tacaíochtaí sin freisin ag teacht le prionsabail an tsárchleachtais a bhíonn in úsáid ar fud na seirbhíse poiblí.

2.2 Aithníodh na príomhchuspóirí a chaithfidh an Oifig a bhaint amach chun seirbhís ionchúisimh ardleibhéil a sheachadadh inár Ráiteas Straitéise 2004-2006. Leagan an chaibidil seo amach an dul chun cinn a rinneadh i rith 2005.

Rialachas

2.3 Is eol don Oifig an chumhacht atá dílsithe uirthi thar ceann Mhuintir na hÉireann agus aithnítear go gcuireann sin freagracht uirthi a chinntiú go mbeidh nósanna imeachta rialaithe agus rialachais cuí i bhfeidhm. Aithníonn an Oifig freisin go bhfuil dualgas uirthi an méid faisnéise agus is féidir a sholáthar don phobal maidir le conas a ndéantar a feidhmeanna a urscaoileadh. Ina thaobh sin, foilsíodh Tuarascálacha Bliantúla, Ráitis Straitéise agus Treoirlínte d'Ionchúisitheoirí agus cuireadh ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige iad.

2.4 Mar sin féin, aithníonn an Oifig go meáfaidh na daoine sin, a dhéanfaidh measúnaithe maidir lena feidhmiú, an fhaisnéis a fhaigheann siad, cibé go comhfhiosach nó go neamh-chomhfhiosach, i gcoinne cé chomh hiontaofa agus a chreideann siad sin a bheith. Mar gheall ar sin leagann an Oifig tábhacht mhór ar a Coiste Iniúchta féin a bheith ag déanamh monatóireachta neamhspleáí ar a cleachtais rialaithe agus rialachais. Tá comhaltaí seachtracha ó lasmuigh den tseirbhís phoiblí ar an gCoiste Iniúchta, agus bíonn duine acu sin ag fónamh mar Chathaoirleach.

2.5 Leagann Cairt an Choiste Iniúchta amach gurb é ról an choiste athbhreithniú córasach a dhéanamh ar an timpeallacht rialaithe agus ar nósanna imeachta rialachais na hOifige mar aon le tuarascálacha agus comhairle a sholáthar don bhainistíocht shinsearach.

2.6 Tugadh Tuarascálacha Iniúchta ar Fháil Ghinearálta; ar Fháil Sheirbhísí Abhcóide agus ar Rialuithe Ríomhaire chun críche i rith na bliana faoi threoir an Choiste Iniúchta. Bhreithnigh an Coiste tuarascálacha dhul chun cinn freisin ar fheidhmiú moltaí ó iniúchtaí roimhe sin.

2.7 Lean an Oifig ag cur leis an obair a tosaíodh i 2004 i rith 2005 maidir leis na príomhrioscaí atá roimpi a aithint agus straitéisí chun déileáil leo sin a fhorbairt. D'athbhreithnigh an Coiste Iniúchta dul chun cinn ar an bPróiseas Bainistiú Riosca Gnó ag a gcruinnithe i mí an Mhárta agus i mí an Mheithimh agus léiríodh go raibh siad sásta leis an bpróiseas.

An Timpeallacht Dhlíthiúil

2.8 Oibríonn an Oifig i dtimpeallacht dhlíthiúil a bhíonn ag athrú de shíor. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go gcoimeádfaimid cothrom le dáta le forbairtí dlíthiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a chinntiú go mbeidh an fhaisnéis riachtanach ag an bhfoireann chun freastal ar na héilimh leanúnacha a thiocfaidh le gnéithe nua den dlí coiriúil, atá ag éirí níos casta de shíor. Tá sé tábhachtach freisin dúinn oibriú agus dul i gcomhairle go dlúth le gníomhaireachtaí eile a bhíonn rannpháirteach sa chóras ceartais choiriúil.

2.9 Chinntigh forbairt leanúnach i rith 2005 ar ár Seirbhísí Bainistíochta Leabharlann go raibh faisnéis dhlíthiúil thráthúil, iomchuí agus chothrom le dáta ar fáil tríd an gCartlann Dhigiteach Meán agus na córais iLink araon. Cruthaíodh gur acmhainn luachmhar dár bhfoireann dhlíthiúil é rochtain deisce a bheith acu ar bhreithiúnais cúirte, ar chiorcláin de chuid an Gharda Síochána, ar pháipéir taighde dlí agus ar thuairimí abhcóidí i bhformáid leicteonach agus is acmhainn í a bhfuil rochtain éasca ag ár bhfoireann dhlíthiúil uirthi.

2.10 Tá freastal ar chomhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le topaicí dlíthiúla mar phríomhfhócas dár bPlean Oiliúna agus Forbartha. D'fhreastail 36% den fhoireann dhlíthiúil ar chomhdhálacha den sórt sin i 2005, agus leanann siad sin a bheith mar fhoinse d'fhaisnéis fhíorthábhachtach sa timpeallacht dhlíthiúil ina bhfeidhmímid a bhíonn ag athrú de shíor. Freastalaíodh ar riachtanais oiliúna a aithníodh tríd an gCóras Bainistithe agus Forbartha Feidhmíochta freisin trí rannpháirtíocht i gcláir oideachais dlíthiúla leanúnacha agus seisiúin oiliúna intí maidir le réimsí speisialta den dlí coiriúil. Bunaíodh Grúpa Stiúrtha Oiliúna Dlíthiúil i 2005 chun forbairt agus feidhmiú ar chlár oiliúna dlíthiúil don fhoireann dlíthiúil reatha agus d'fhoireann dlíthiúil nua araon a mhaoirsiú.

2.11 Ba thosaíocht a bhí ann dúinn i rith na bliana freisin ár rannpháirtíocht maidir le oiliúint a sholáthar do chomhaltaí den Gharda Síochána. Bhí comhaltaí d'fhoireann na hOifige rannpháirteach in seisiún oiliúna do chomhaltaí den Gharda Síochána ag leibhéal Sáirsint, Cigire agus Ceannfoirt. Lean ár gclár de Sheimineáir Oiliúna Réigiúnacha i 2005 agus soláthraíodh fóram den scoth d'idirchaidreamh idir an Oifig agus comhaltaí sinsearacha den Gharda Síochána a bhíonn ag ionchúiseamh cásanna achoimre thar cheann na hOifige i gCúirteanna Dúiche ar fud na tíre.

2.12 Reáchtálamar Seimineár Bliantúil na nAturnaetha Stáit in Eanáir 2005. Tugann an t-imeacht bliantúil sin deis don Oifig bualadh le comhaltaí de chuid Sheirbhís Aturnaetha an Stáit agus saincheisteanna dlíthiúla a bhfuil leas frithpháirteach acu iontu a phlé. Áirítear Ionchúisimh ar scór na Tástála Anála faoi alt 49 den Acht um Thrácht ar Bhóithre ar cheann de na topaicí a pléadh i mbliana.

2.13 D'eagraíomar 6ú Comhdháil Bhliantúil Náisiúnta na nIonchúisitheoirí i mBealtaine 2005 ar ar fhreastal thart ar 200 toscaire. Bhí ionchúisitheoirí i láthair ón Oifig, mar aon le comhaltaí den Bharra, an tSeirbhís Aturnaetha Stáit, comhaltaí den Gharda Síochána, comhaltaí den bhreithiúnacht agus ó ghníomhaireachtaí imscrúdaithe speisialta. Tugadh roinnt cur i láthair ar Bhunachar Sonraí DNA na hAlbain; Tionchar an Achta um Chearta an Duine, 2003 ar Dhlí Coiriúil; Cásanna Stairiúla Mí-Úsáid Gnéis: Taithí Cosanta; agus Forbairtí le Déanaí maidir le Dlí Pianbhreitheanna. Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis an gcomhdháil bhliantúil mar thionscnamh agus cuireann an chomhdháil ar chumas na hOifige ról ceannasach a ghlacadh chun saincheisteanna is údar imní laistigh den chóras ceartais choiriúil a ardú agus réitigh orthu a lorg trí phlé agus trí chomhchomhairle.

2.14 Ar leibhéal idirnáisiúnta, reáchtálamar Comhdháil de Cheannasaithe Ghníomhaireachtaí Ionchúisimh i gcomhar leis an tSeirbhís Ionchúisimh Poiblí i dTuaisceart Éireann. Is comhdháil dhébhliantúil í an chomhdháil do Cheannasaithe Ghníomhaireachtaí Ionchúisimh ó thíortha éagsúla le dlí coiteann ina bpléitear nithe le leas frithpháirteach ar shlí neamhbhalbh agus oscailte. D'oscail an chomhdháil i mBéal Feirste agus lean sí ar aghaidh i mBaile Átha Cliath. Sin é an chéad uair a raibh an dá sheirbhís ionchúisimh rannpháirteach i dtionscadal den sórt sin agus dá réir cuireadh leis an gcaidreamh oibre maith atá bunaithe in imeacht na mblianta. D'éirigh thar cionn leis an gcomhdháil ó thaobh roinnt dearcaí i ndáil le saincheisteanna dlí coiriúil ar leibhéal idirnáisiúnta agus ó thaobh comhoibriú idir an Oifig agus ár gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann araon.

2.15 Cé go n-oibrímid neamhspleách ar a chéile, tá sé ríthábhachtach go mbeadh na gníomhaireachtaí éagsúla atá rannpháirteach sa chóras ceartais choiriúil i mbun comhchomhairle agus ag plé saincheisteanna trasfheidhmeacha. Chuidigh rannpháirtíocht na hOifige i ngrúpaí oibre agus coistí idirghníomhaireachta le seirbhís ionchúisimh éifeachtach a sheachadadh. I rith 2005 bhíomar rannpháirteach agus chuireamar le grúpaí idirghníomhaireachta éagsúla lena n-áirítear an Grúpa Idir-Oibreachais Ceartais Choiriúil; Grúpa Ríomhaireachta na Cúirte Uachtaraigh; Coiste Éifeachtachta na Cúirte Dúiche; Grúpa Úsáideoirí na Cúirte Coiriúla; Fóram Custaiméirí na Seirbhíse Cúirteanna; Grúpa Idirchaidrimh an Gharda Síochána; agus an Coiste Idirchaidrimh Ceartais Choiriúil. Ar an leibhéal idirnáisiúnta lean an Oifig ar aghaidh ag cur le comhlachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus a bheith rannpháirteach iontu, lena n-áirítear EUROJUST (a bunaíodh chun comhoibriú a fheabhsú i ndáil le cúnamh frithpháirteach maidir le nithe coiriúla); GRECO (a bunaíodh chun a chinntiú go ndéantar Coinbhinsiúin na hEorpa i gCoinne Calaoise a chomhlíonadh); OLAF (Office Européen de Lutte Anti-Fraude - a bunaíodh chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus éilliú); Eurojustice (Bhunaigh ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh i 1998 chun comhoibriú idir gníomhaireachtaí ionchúisimh ar fud na hEorpa a chothú agus a fheabhsú agus chun tuiscint frithpháirteach ar na córais éagsúla dlí atá ar marthain sna ballstáit a fheabhsú); Cumann Idirnáisiúnta na nIonchúisitheoirí; HOPAC (Comhdháil de Cheannasaithe Ghníomhaireachtaí Ionchúisimh); agus An Cumann Barra Idirnáisiúnta.

Acmhainní a Úsáid go hÉifeachtúil

2.16 Is príomhfhócas de chuid na hOifige é acmhainní a úsáid go héifeachtúil. I rith na bliana lean an Oifig de bheith ag forbairt córais chun an fhaisnéis is gá a sholáthar do bhainisteoirí chun obair na hOifige a bhainistiú agus a chinntiú go ndéantar ár n-acmhainní a leithroinnt agus a úsáid chomh héifeachtúil agus is féidir.

2.17 Ba í an fhorbairt ba shuntasaí i rith 2005 ná conradh nua a bronnadh i gcomhair córas nua Bainistiú Doiciméid Cásanna agus Rianaithe Comhaid. Síníodh conarthaí le Axxia Systems Limited tar éis próiseas tairisceana i Nollaig 2005, cuideachta atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a bhfuil taithí cruthaithe acu maidir le soláthar córais cás-bhainistithe don ghairm dlí.

2.18 Beidh an córas Bainistiú Doiciméid Cásanna agus Rianaithe Comhaid mar phointe singil rochtana do gach aon ceann dár gcásanna dlíthiúla agus soláthróidh sé córas lánpháirtithe maidir le bainistiú ar chomhaid ionchúisimh ar fud na heagraíochta. Cruthófar gach comhfhreagras a bhaineann le cásanna amach ar an gcóras agus stórálfar ansin é i gcomhair tagartha amach anseo. Beidh saoráid um dheachtú digiteach ag an gcóras freisin.

2.19 Tá sé beartaithe an chéad chéim d'fhorbairt an chórais um Bainistiú Doiciméid Cásanna agus Rianaithe Comhaid a thosú in Eanáir 2006. Leis sin beidh anailís chuimsitheach ar ár riachtanais gnó agus áireofar leis cruinnithe le foirne i ngach rannóg. Samhlaítear go dtabharfar an chéim anailíse chun críche faoi Shamhain 2006 as a leanfar dearadh ar an gcóras, tástáil ar an gcóras agus tástáil ar ghlacadh úsáideoirí. Déanfar an córas a thabhairt isteach de réir a cheile in imeacht tréimhse sé mhí, agus tá sé beartaithe go rachaidh an chéad chéim beo in Iúil 2007.

2.20 Lean an córas Cuntasaíochta a suiteáladh sa bhliain 2004 ag soláthar seirbhís fheabhsaithe le héifeachtúlachtaí níos fearr. Rinneadh uasghrádú suntasach ar an gcóras ó Integra 2 go dtí Integra 3 i Samhain 2005. Is ionann sin agus athbhreithniú ollmhór ar bhogearraí agus ba chóir go bhfeabhsódh sé stóinseacht agus feidhmitheacht an chórais.

2.21 Deonadh Ceadúnas Earcaíochta ginearálta ar an Oifig faoi alt 44 den Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004, in Iúil 2005. Chuir an ceadúnas ar chumas na hOifige díriú ar ghrúpaí áirithe d'fhostaithe ionchasacha agus d'éascaigh sé feachtais earcaíochta a rith de réir mar a bhí gá leo freisin. Chuir sin go mór lenár gcumas poist a líonadh go tráthúil. Reáchtáil an Oifig trí chomórtas oscailte ó deonaíodh an ceadúnas chun ceapacháin nua a earcú i bpoist shealadacha ag na leibhéil seo a leanas: Aturnae Ionchúisimh, Taighdeoir Dlíthiúil agus Feidhmeannach Dlíthiúil.

Seirbhís ar Ardchaighdeán

2.22 Is croíluach leanúnach de chuid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí é seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil. D'fhorbraíomar Cairt maidir le hArdchaighdeán Seirbhíse agus Plean Gníomhaíochta i 2004, i gcomhairle lenár ngeallsealbhóirí, a leagann amach na caighdeáin seirbhísí lena bhítear ag súil ón Oifig. Tá caighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil, den chuid is mó, le sonrú sna staitisticí comhaid ionchúisimh atá leagtha amach i gCaibidil 7 na tuarascála seo agus is ionann iad agus croí-obair na hOifige.

2.23 Príomhfhócas don Oifig i rith na bliana ná idirchaidreamh a chomhordú le híospartaigh coireachta, teaghlaigh íospartaigh coireachta agus grúpaí tacaíochta íospartaigh. Táimid tiomanta go hiomlán oibriú leis an nGarda Síochána lena chinntiú go gcoimeádtar íospartaigh agus teaghlaigh íospartaigh a bhásaigh ar an eolas maidir le dul chun cinn na gcásanna ina mbíonn siad rannpháirteach. Leanfaimid d'idirchaidreamh a bheith againn leis an nGarda Síochána lena chinntiú go gcuirfear cruinniú réamh-trialach ar fáil d'íospartaigh ina mbeidh an deis ag an bhfoireann ionchúisimh próiseas na cúirte a mhíniú.

2.24 Chuir an Oifig béim ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh, go háirithe sa chúirt. Is féidir go leor struis a bheith ag baint le timpeallacht na gcúirteanna d'íospartaigh agus a dteaghlach. Chun é sin a bhaint amach chuireamar roinnt aighneachtaí isteach chuig an gCoimisiún a Thacaíonn le hÍospartaigh ó bunaíodh é i Márta 2005 agus rinneamar aighneachtaí i bhfóraim éagsúla maidir le saoráidí agus socruithe d'íospartaigh sa chúirt. Rinneamar aighneachtaí freisin i ndáil le híospartaigh a bheith ag tabhairt fianaise.

2.25 Bhuail comhaltaí d'fhoireann na hOifige le roinnt grúpaí tacaíochta d'íospartaigh lena n-áirítear ADVIC, Support after Homicide agus Crime Victims Helpline. Chruthaigh na cruinnithe sin fíorthairbhiúil agus mhínigh siad an tslí a n-oibríonn an córas ionchúisimh mar aon leis na caighdeáin seirbhíse a fhéadfaidh íospartaigh coireachta a bheith ag súil leo ón Oifig.

2.26 Ionas gur féidir tuiscint níos fearr a chothú maidir le hobair na hOifige leanamar ag soláthar faisnéise trí fhoilseacháin na hOifige a dháileadh ar nós Tuarascálacha Bliantúla, Treoirlínte d'Ionchúisitheoirí agus Leabhráin Eolais. Thug ár láithreán gréasáin deis dúinn faisnéis a scaipeadh freisin ar go leor daoine ar bhealach inrochtaine agus tráthúil. Cuireadh béim ar leith, agus an láithreán gréasáin á fhorbairt i rith na bliana, ar an láithreán a bheith ag cloí go hiomlán le treoirlínte inrochtana.

2.27 Bhí breis agus 50,000 cuairteoir ar an láithreán gréasáin i rith 2005 agus is ionann sin agus ardú 50% ar an mbliain roimhe sin. Ar mhaithe le héagsúlacht, cuireadh cóipeanna de na Leabhráin Eolais 'Ról Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí' agus 'Freastal ar an gCúirt mar Fhinné' ar fáil i Sínis agus i Rúisis ar ár láithreán gréasáin.

2.28 Ag comhlíonadh ár n-oibleagáidí faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, d'fhoilsigh an Oifig Scéim Ghaeilge a cheadaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in Iúil 2005 agus tá sin ar fáil ar láithreán gréasáin na hOifige anois. Sonraíonn an Scéim na seirbhísí a chuirfidh an Oifig ar fáil trí Ghaeilge. Leanamar ag cothabháil ár láithreáin ghréasáin go dátheangach i rith 2005 agus cuirtear gach foilseachán a eisíonn an Oifig ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon. Cuirtear an Ghaeilge chun cinn go hinmheánach trí rannóg Ghaeilge thiomanta ar ár inlíon agus trí rannpháirtíocht na foirne i scéimeanna agus i gcúrsaí Gaeilge. Freagraíodh comhfhreagras a fuarthas i nGaeilge trí Ghaeilge agus reáchtáladh trí chás athbhreithnithe breithiúnach trí Ghaeilge i rith na bliana.

Geallsealbhóir Inmheánach

2.29 Aithníonn an Oifig gur geallsealbhóirí inmheánacha an fhoireann go léir agus is gealltanas de chuid na hoifige é timpeallacht oibre atá tacúil a chur ar fáil dóibh. Rinneadh roinnt tionscnamh i rith 2005 chun críche an tiomantais sin.

2.30 Tá an Córas Bainistithe agus Forbartha Feidhmíochta mar chuid lárnach anois dár gcreat oibre bainistíochta. Rinneamar tuilleadh forbartha ar an gcóras i rith 2005 ag ullmhú do thabhairt isteach Aiseolas Aníos. Chomhlánaigh an fhoireann go léir Clár Oiliúna Aiseolais Aníos agus cuirfear tús le feidhmiú na scéime in Eanáir 2006.

2.31 Rinneadh athbhreithniú ar ár gClár Oiliúna Insealbhaithe i rith na bliana agus athbhreithníodh nósanna imeachta dá bharr agus tá cur chuige nua i bhfeidhm anois. Bhain 18 den fhoireann in iomlán leas as na Modúil Insealbhaithe I agus II i rith 2005.

2.32 Infheistíodh 3.52% ar an iomlán de chostais phárolla in oiliúint agus forbairt foirne i 2005 - €335,235.22 ar an iomlán. Áirítear €102,331.59 den chaiteachas sin ar sheimineáir, ar chomhdhálacha agus ar chúrsaí oiliúna; €35,708 ar aisíoc taillí oideachais; agus €19,975 ar oiliúnóirí seachtracha.

2.33 Cuireadh Seisiúin Bhainistiú Struis ar fáil don fhoireann i rith na bliana faoinár gClár Oiliúna Cúraim Foirne. Mar thoradh ar shuirbhé a rinne ár gCoiste Comhpháirtíochta i 2004 aithníodh bainistiú struis mar réimse ar theastaigh aird uaidh, agus a bhí dírithe go háirithe ar strus ionchasach a bhaineann leis an gcineál oibre a bhíonn ar siúl san Oifig.

2.34 D'éascaigh an próiseas Comhpháirtíochta le roinnt tionscnamh i rith na bliana a chuaigh chun tairbhe na hOifige ina hiomláine. Rinne fo-ghrúpa den choiste suirbhé ar chumarsáid inmheánach agus chuir siad tuarascáil ar aghaidh i Márta 2005 ag léiriú moltaí le feabhas a chur ar chumarsáid inmheánach. Glacadh leis an tuarascáil agus tá roinnt moltaí curtha i bhfeidhm anois agus tabharfar isteach cinn eile ar bhonn incriminteach. Comhordaíodh an Gradam Luaíochta agus na Scéimeanna le haghaidh Gradam Fadseirbhíse arís tríd an gcoiste comhpháirtíochta. Fuair 75 duine den fhoireann gradaim aonair nó grúpa agus bronnadh iad sin i Nollaig 2005. D'fheidhmigh fo-ghrúpa Sláinte agus Sábháilteachta an Choiste Comhpháirtíochta tionscnamh Oifig Ghlan. Bhí an tionscnamh a spreag an fhoireann le páipéar nó trealamh nach raibh ag teastáil a dhiúscairt ar siúl idir Meitheamh agus Meán Fómhair 2005. D'éirigh thar cionn leis chun timpeallacht níos folláine agus níos glaine a bhaint amach don fhoireann.