2. Athbhreithniú ar an Mbliain

Mar a dúradh i gcaibidlí roimhe seo, is é croilár oibre Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ná comhaid maidir le himscrúdaithe coiriúla a scrúdú, cinntí a dhéanamh cibé acu ar chóir nó nár chóir ionchúiseamh a thionscnamh, agus i gcásanna ina ndéanfar amhlaidh an cás a ullmhú agus a chur i láthair sa chúirt. Leagtar amach anailís sonrach maidir leis an ngnéith seo dár gcuid oibre i gCaibidil 10 den tuarascáil seo.

Is gá na hacmhainní, struchtúir, próiseanna agus córais chuí a bheith againn chun obair na hOifige a chur i gcrích. I rith na bliana 2004 leanadh ar aghaidh le cur i bhfeidhm chlár nuachóirithe na státseirbhíse laistigh den eagraíocht a chabhraigh go mór le forbairt agus le feabhsú na dtacaíochtaí fíorthábhachtacha sin.

Foilsíodh ár Ráiteas Straitéis don tréimhse 2004 - 2006 go luath sa bhliain a thug deis dúinn ár bplean straitéiseach a leagan amach don tréimhse trí bliana agus díriú ar na hoibiachtaí fíorthábhachtacha a céannaíodh a bheith bunúsach maidir le seirbhís éifeachtúil agus éifeachtach ionchúisimh a sholáthar. I rith na bliana 2004 rinneadh dul chun cinn substaintiúil i dtreo na n-oibiachtaí fíorthábhachtacha sin a bhaint amach.

De bharr roinnt tionscnamh nuachóirithe a cuireadh i bhfeidhm maidir le raon fairsing gnéithe, bhí an Oifig in ann an bunús a leagan a bheidh ina bhunchloch dár gcuid oibre sa todhchaí. Cuireadh tuarascálacha sonraitheach maidir le dul chun cinn inar léiríodh forbairt na dtionscnamh seo faoi bhráid Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse i rith na bliana chun ár n-oibleagáidí faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Sóisialaí, Dul chun Cinn a Chothú, a chomhall. Tugadh cuireadh don Oifig seo láithriú os comhair an Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse i mí Deireadh Fómhair 2004 chun an dul chun cinn a baineadh amach agus ár bpleananna chun an tseirbhís ionchúisimh a fhorbairt sa todhchaí a imlíniú tuilleadh. Dhaingnigh an Ghrúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse gur chomhlíon an Oifig ár n-oibleagáidí faoin gcomhaontú Dul chun Cinn a Chothú agus gur saothraíodh íocaíocht na méaduithe pá a fuair na gráid foirne go léir i rith na bliana faoin mbabhta ginearálta. Tá na Tuarascálacha maidir le Dul chun Cinn a sholáthar an oifig seo don Roinn Airgeadais le fail ar láithréan gréasáin na Roinne ag www.finance.gov.ie.

An Timpeallacht Dhlíthiúil

Oibríonn an Oifig i dtimpeallacht dhlíthiúil atá ag athrú i gcónaí. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach dúinn súil a choinneáil ar fhorbairtí dlíthiúla náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní ag an bhfoireann chun déileáil leis na dúshláin a thagann le gnéithe nua den dlí coiriúil, atá ag éirí níos casta i gcónaí. Tá sé tábhachtach freisin dúinn oibriú agus dul i gcomhairle go dlúth le gníomhaireachtaí eile a bhíonn ag plé le coireacht a ionchúiseamh. I rith na bliana 2004 d'fhorbair muid roinnt tionscnamh chun dul i ngleic leis na riachtanais sin.

Acmhainní a úsáid go hÉifeachtach

Mar an gcéanna le heagraíochtaí eile san earnáil phoiblí creideann an Oifig cé chomh tábhachtach atá sé úsáid chomh héifeachtach agus is féidir a bhaint as acmhainní. I rith na bliana lean an Oifig de bheith ag forbairt córais chun an fhaisnéis is gá a sholáthar do bhainisteoirí chun obair na hOifige a bhainistiú go héifeachtach agus a chinntiú go ndéantar ár n-acmhainní a roinnt agus a úsáid chomh héifeachtachtúil agus is féidir.

Seirbhís ar Ard-Chaighdeán

Is cuspóir leanúnach de chuid Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí é seirbhís ar ard-chaighdeán a chur ar fáil. Bhí ár gcleachtais seanbhunaithe mar bhunús don Chairt maidir le Caighdeán Seirbhíse agus An Plean Gníomhaíochta 2004 - 2006 a foilsíodh i rith na bliana, cáipéis phoiblí inar tugadh deis dúinn na caighdeáin seirbhíse ar féidir súil a bheith leo ón Oifig seo a leagan amach. Rinneadh an Chairt agus an Plean Gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhairle lenár ngeallchoimeádaithe ionas go ndéanfaí a dtuairimí agus a raibh said ag súil leis ó thaobh seirbhíse de a thabhairt i gcuntas. Tá cóipeanna den dá cháipéis le fáil ar ár láithreán gréasáin ag www.dppireland.ie.

Geallchoimeádaí Inmheánach

Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Caighdeán Seirbhíse 2004 - 2006 gur geallchoimeádaithe inmheánacha an fhoireann go léir agus is gealltanas de chuid na hoifige é timpeallacht oibre atá tacúil a chur ar fáil dóibh. Cuireadh tús le roinnt tionscnaimh i rith na bliana 2004 chun na críche sin.