2 An Córas Ionchúisimh in Éirinn

2.1 Ní thuairiscítear nó ní leagtar amach an córas ionchúisimh in Éirinn go hiomlán in aon doiciméad amháin ar leithligh. Is é is foras leis ná Bunreacht na hÉireann, 1937 agus an dlí reachtúil, go háirithe an tAcht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 lenar bunaíodh oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. D'fhorbair an córas ionchúisimh in Éirinn as an dlí coiteann agus is é an dlí coiteann, is é sin le rá an dlí atá ceaptha ag breithiúna, is bonn le cuid mhór cleachtas tábhachtach agus rialacha tábhachtacha in Éirinn.

2.2 Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 30.3 de Bhunreacht na hÉireann:

"I gcás gach coir agus cion dá dtugtar in aon chúirt a bhunaítear faoi Airteagal 34 den Bhunreacht seo, ach amháin cúirt dlínse achomaire, is in ainm an Phobail agus ar agra an Ard-Aighne, nó ar agra dhuine éigin eile a údaraítear ina chomhair sin de réir dlí, a dhéanfar an cúiseamh."

2.3 Le halt 9(2) den Acht Breithiúnais Choiriúla, (Riara), 1924, tugtar cumhacht don Ard-Aighne (a dtugtaí "an Príomh-Atúrnae" air an tráth sin) chun gach ionchúiseamh a sheoladh in aon chúirt dlínse achoimre ach amháin na cinn sin a dhéanann Aire, Roinn Stáit nó duine eile atá údaraithe le dlí a ionchúiseamh.

2.4 Leis an Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 bunaíodh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí mar oifigeach údaraithe de réir dlí chun gníomhú d'fhonn ionchúiseamh a dhéanamh in ainm an Phobail de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 30.3 den Bhunreacht. Foráiltear mar a leanas le halt 3(1) d'Acht 1974:

"Faoi réir forálacha an Achta seo, comhlíonfaidh an Stiúrthóir na feidhmeanna go léir is féidir leis an Ard-Aighne a chomhlíonadh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, maidir le hábhair choiriúla agus maidir le hachainíocha toghcháin agus achainíocha reifrinn agus forléireofar dá réir sin tagairtí don Ard-Aighne in aon reacht nó ionstraim reachtúil a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin."

2.5 Dá bhrí sin, thug Acht 1974 feidhm ionchúisimh, ar díotáil agus go hachomair, don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Gach ionchúiseamh coiriúil a dhéantar ar díotáil, déantar iad in ainm an Phobail de réir rogha an Stiúrthóra ach amháin catagóir theoranta cionta a ionchúisítear de rogha an Ard Aighne.

2.6 Foráiltear le halt 2(5) d'Acht 1974 go mbeidh an Stiúrthóir neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó. Le halt 6 den Acht neartaítear an neamhspleáchas sin trína fhoráil go bhfuil sé neamhdhleathach do dhaoine, seachas cosantóirí nó gearánaigh in imeachtaí coiriúla, nó daoine ar dóigh dóibh a bheith ina gcosantóirí, nó a gcomhairleoirí dlí nó liachta, daoine dá dteaghlach nó oibrithe sóisialacha, cumarsáid a dhéanamh leis an Stiúrthóir nó lena oifigigh d'fhonn a thabhairt go ndéanfaí cinneadh go dtarraingeofaí siar nó nach dtionscnófaí imeachtaí coiriúla nó aon chúiseamh áirithe in imeachtaí coiriúla.

2.7 Feidhmíonn an Stiúrthóir an dlí coiriúil go neamhspleách sna cúirteanna thar ceann Phobal na hÉireann. Chun na críche sin stiúrann sé ionchúisimh phoiblí ar díotáil agus maoirsíonn sé sna cúirteanna iad agus tugann treoir ghineárálta agus comhairle don Gharda Síochána maidir le cásanna achoimre agus treoir shonrach sna cásanna sin a n-éilítear í. Cinneann an Stiúrthóir an ndéanfar daoine a ionchúiseamh i gcionta coiriúla agus cad iad na cúisimh ba chóir a thabhairt. Tá sainiú déanta ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí ar a mhisean agus is é sin "soláthar a dhéanamh thar ceann Phobal na hÉireann ar sheirbhís ionchúiseamh a bhíonn neamhspleách, cothrom agus éifeachtach".

2.8 Tá dhá rannán dlí in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, an Rannán Stiúrtha agus an Rannán Aturnaetha. Tá Rannán Riaracháin ann freisin a sholáthraíonn na seirbhísí eagraíochta, bonneagair, riaracháin agus eolais a bhíonn de dhíth ar an Oifig. Is éard atá sa Rannán Stiúrtha ná líon beag oifigeach gairmiúil, abhcóidí agus aturnaetha araon arb í a bpríomhfheidhm ná aighneachtaí a dhéanamh chuig an Stiúrthóir agus cinntí a dhéanamh maidir le tionscnamh nó leanúint le hionchúisimh choiriúla agus mionteagaisc agus treoracha a thabhairt don Rannán Aturnaetha, d'Aturnaetha Stáit áitiúla agus d'abhcóidí maidir le seoladh imeachtaí dlí coiriúla.

2.9 Maidir teacht i láthair na Cúirte thar ceann an Stiúrthóra, is foireann dlí lánaimseartha sa Rannán Aturnaetha a dhéanann uiríolla thar ceann an Stiúrthóra i ngach cúirt i mBaile Átha Cliath nó is Aturnaetha Stáit áitiúla a dhéanann sin i gcúirteanna lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Mar cheannasaí ar an Rannán Aturnaetha tá an Príomh-Aturnae Ionchúisimh a fheidhmíonn mar aturnae don Stiúrthóir. Tá an Rannán comhdhéanta d'aturnaetha agus d'fheidhmeannaigh dlí a n-airítear ar fhreagrachtaí:

2.10 Tá cásanna coiriúla roinnte i dhá chineál - cionta indíotáilte agus cionta achoimre.

Cionta Indíotáilte:

Cionta Achoimre

2.11 Is abhcóide a bhíonn ag cleachtadh ag an mbarra a bhíonn fostaithe ag an Stiúrthóir ar bhonn cás ar chás a láimhseálann seaoladh trialacha ar díotáil. Déanann an t-abhcóide ionchúiseamh de réir threoracha an Stiúrthóra.

2.12 An chuid is mó de na hionchúisimh achoimre a thugtar sa Chúirt Dúiche tugtar iad in ainm an Stiúrthóra. I gcleachtas is comhaltaí de chuid an Gharda Síochána a dhéanann uiríolla ar an gcuid is mó acu gan tagairt shonrach d'Oifig an Stiúrthóra ach amháin i gcásanna a n-éilítear ar an nGarda Síochána treoir a lorg ón Stiúrthóir (féach míreanna 7.4, 7.7, agus 13.3 thíos) nó sa chás go lorgaíonn siad treoir ar aon chúis eile. Faoi alt 8 d'Acht an Gharda Síochána beidh ar chomhaltaí de chuid an Gharda Síochána a dhéanfaidh ionchúiseamh go hachomair sin a dhéanamh in ainm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus ní mór dóibh gach treoir a thugann an Stiúrthóir a chomhlíonadh cibé de chineál ginearálta nó sonrach. Féadfaidh an Stiúrthóir seoladh ionchúisimh a thionscnaíonn Garda a ghlacadh ar láimh tráth ar bith. Go dtí go dtugtar an t-alt seo i bhfeidhm, beidh ionchúisimh achoimre a thionscnaíonn comhaltaí de chuid an Gharda Síochána faoi réir ag treoracha ginearálta a bheidh eisithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir. Arna theacht i bhfeidhm don alt sin, eiseoidh an Stiúrthóir treoracha ginearálta a rialóidh seoladh ionchúiseamh ina ainm. Ag am a scríofa meastar go gcuirfear an t-alt i bhfeidhm níos déanaí i 2006.

2.13 Ach amháin i gcás dualgas áirithe a thiocfaidh chun cinn faoi Acht an Ghard Síochána (Gearáin), 1986 nuair a bhíonn imscrúdú ar bun faoi chion a líomhnáitear ar rinne comhalta de chuid an Gharda Síochána, ní bheidh aon fheidhm imscrúdaithe ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. I gcóras ceartais choiriúil na hÉireann is é feidhm an Gharda Síochána cionta coiriúla a imscrúdú. Chomh maith leis sin tá údaráis imscrúdaithe speisialta ann maidir le catagóirí áirithe sonracha coireanna, lena n-áirítear an tÚdarás Iomaíochta maidir le cionta in aghaidh na nAchtanna Iomaíochta; brainse imscrúdaithe na gCoimisinéirí Ioncaim i gcás cionta ioncaim; an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta maidir le cionta a bhaineann le sábháilteacht agus leasa ag an obair; agus and Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach a dhéileálann le cionta in aghaidh an dlí cuideachtaí. Ní shin liosta iomlán. Ní féidir leis an Stiúrthóir gearáin faoi iompar coiriúil a chuirtear chuige a imscrúdú ach cuirtear ar aghaidh go dtí Coimisinéir an Gharda Síochána iad nó chuig ceann de na húdaráis imscrúdaithe chun na cinntí agus an gníomh cuí a ghlacadh. Siúd is nach bhfuil aon fheidhm imscrúdaithe ag an Stiúrthóir comhoibríonn sé féin agus a Oifig go rialta leis an nGarda Síochána agus le gníomhaireachtaí imscrúdaithe eile le linn imscrúduithe coiriúla go háirithe ó thaobh comhairle chuí dlí agus ionchúisimh a sholáthar. Tá an caidreamh idir ionchúisitheoirí agus imscrúdaitheoirí pléite níos iomláine i gCaibidil 7.

2.14 Tá an chumhacht ag go leor gníomhaireachtaí imscrúdaithe ionchúiseamh achomair a dhéanamh gan tagairt don Stiúrthóir. Is ag an Stiúrthóir amháin atá an chumhacht ionchúiseamh ar díotáil a dhéanamh (ach amháin cásanna a ndéileálann an tArd-Aighne leo). Nuair a bhíonn cion sách tromchúiseach, nó nuair a d'fhéadfadh cion a bheith sách tromchúiseach, lena thriail ar díotáil cuireann an t-imscrúdaitheoir comhad ar aghaidh chuig an Stiúrthóir. Is é an Stiúrthóir, nó duine dá chuid oifigigh ghairmiúla, a dhéanann an cinneadh ionchúiseamh a thionscnamh, nó leanúint le hionchúiseamh cóiriúil, agus cinnneann siad sin go neamhspleách orthu sin a bhí freagrach as an imscrúdú cad iad na hionchúisimh, más ann, a thabharfar ar aghaidh. I roinnt cásanna d'fhéadfaí a shocrú gur ionchúiseamh achomair a dhéanfaí. Tá an cheist maidir le hionchúisimh achoimre pléite i gCaibidil 13.