1.1 Tá gá le hionchúiseamh cóir, éifeachtach ionas go bhfeidhmeoidh córas ceartais choiriúil go cuí agus go gcoimeádfar réimeas dlí agus oird ar bun. Tá leas ag na pearsana go léir a bhfuil baint acu le coir - an t-íospartach, an cúisí agus na finnéithe - agus ag an tsochaí ina hiomláine sa chinneadh i dtaobh an ndéanfar ionchúiseamh agus cén cion a bheidh ann, agus tá leas acu freisin i dtoradh an ionchúisimh.
1.2 Tá gach cás uathúil agus ní mór gach cás a bhreithniú ar a thuillteanais féin. Ar an ábhar sin, níl aon fhoirmle shimplí ann atá infheidhmithe chun freagra simplí a thabhairt ar na ceisteanna nach mór d'ionchúisitheoir aghaidh a thabhairt orthu. Ach tá prionsabail ghinearálta ann ar ceart úsáid a bhaint astu mar thaca don chur chuige maidir le hionchúiseamh; dá ainneoin sin, beidh ar an ionchúisitheoir, mar gheall ar fhíorais ar leithligh gach cáis, cumas breithiúnais agus roghnaithe a úsáid le linn na prionsabail sin a chur i bhfeidhm.
1.3 Is é cuspóir na dTreoirlínte d'Ionchúisitheoirí seo ná prionsabail a leagan amach i dtéarmaí ginearálta ar prionsabail iad is ceart a úsáid mar threoir le linn ionchúisimh a thionscnamh agus a sheoladh in Éirinn. Níl sé i gceist go gcealófaí leis aon treoracha níos mionsonraithe atá ann faoi láthair maidir le haon ní áirithe. Is é atá i gceist ná treoir ghinearálta a thabhairt d'ionchúisitheoirí maidir leis na nithe atá le cur san áireamh ag na céimeanna éagsúla d'ionchúiseamh ionas go mbeidh polasaí cóir, réasúnaithe, comhréireach ann mar thaca don phróiseas ionchúisimh.
1.4 Níl sé beartaithe leis na Treoirlínte seo aon riail dlí a leagan síos agus ní leagtar aon riail dlí síos leo. An tOireachtas agus na cúirteanna a dhéanann rialacha dlí. Go feadh an méid go bhfuil rialacha dlí ann cheana féin lena rialaítear polasaí ionchúisimh tá sé beartaithe go léireodh na Treoirlínte na rialacha sin. Níl na Treoirlínte á n-eisiúint de bhun aon dualgais reachtúil ná de bhun aon chumhachta reachtúla.
1.5 Nuair a úsáidtear an téarma 'ionchúisitheoir' sna Treoirlínte ciallaíonn sé gach duine nó aon duine díobh seo a leanas, ach sin ag brath ar an gcomhthéacs ina n-úsáidtear an focal: An Stiúrthóir agus oifigigh an Stiúrthóra, na haturnaetha agus an fhoireann theicniúil dlí a sholáthraíonn seirbhís Aturnae don Stiúrthóir, na hAturnaetha Stáit áitiúla a sholáthraíonn seirbhís den sórt céanna i gceantair lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, abhcóidí a ghníomhaíonn thar ceann an Stiúrthóra de réir mar is gá ó chás ar cás, agus comhaltaí den Gharda Síochána a dhéanann ionchúiseamh thar ceann an Stiúrthóra. Tagann Aturnaetha agus abhcóidí faoi réir chaighdeáin ghairmiúla a ngairmeacha faoi seach agus níl sé i gceist go ndéanfadh na Treoirlínte, ná ní fhéadfadh na Treoirlínte ionad na gcaighdeán sin a ghlacadh nó feidhm na gcaighdeán sin a mhaolú. A mhéid a bhaineann sé le hionchúisitheoirí a ghníomhaíonn thar ceann an Stiúrthóra, cé nach bhfuil siad fostaithe ag an Stiúrthóir, té sé beartaithe leis na caighdeáin agus an t-iompar a bhfuil an Stiúrthóir ag súil leo i gcás daoine a ghníomhaíonn thar a cheann.
1.6 Ní hionann feidhmiú na bprionsabal atá leagtha amach sna Treoirlínte agus ceangal a chur ar an Stiúrthóir aon ghníomh áirithe a dhéanamh in aon chás áirithe, ná fhéadfaí ceangal den sórt sin a chur air dá bharr sin, agus ní chuireann sé srian ar an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar a oifigigh, a ghníomhairí nó a abhcóidí le linn aon rogha a fheidhmiú go cuí a thugtar d'aon duine díobh maidir le breithniú a dhéanamh, ar a thuillteanais féin, ar aon chas áirithe nó ar aon shraith imthosca.
1.7 Ní airbheartaíonn na Treoirlínte déileáil leis na ceisteanna go léir a d'fhéadfadh teacht chun cinn sa phróiseas ionchúisimh ná le gach gné de ról an ionchúisitheora i dtaca le cinneadh na gceisteanna sin. Tá sé beartaithe go mbeidh na Treoirlínte ina dhoiciméad oibre agus, ag féachaint d'imthosca áirithe, beidh gá lena choigeartú nó beidh gá le nithe a chur leis. Dá réir sin, coimeádfar faoi athbhreithniú é agus athchóireofar é ó am go ham. Tá sé i gceist go bhfeidhmeodh na Treoirlínte ón lá a bhfoilseofar iad. Ní gá go léireofaí iontu polasaithe a bhí a bhfeidhm aon data roimhe sin.