1. Obair Ghinearálta na Hoifige
Bunaíodh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí leis an Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974. Is ceann de na bun-fheidhmeanna a thugtar don Stiúrthóir faoin Acht ná ionchúisimh poiblí agus nithe coiriúla a bhaineann leo a threorú agus a mhaoirsiú.
Is ón nGarda Síochána, an phríomh-ghníomhaireacht imscrúdaithe náisiúnta, a fhaigheann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí formhór na gcásanna coiriúla lena ndéileálann an Oifig. Mar sin féin, tarchuireann gníomhaireachtaí imscrúdúcháin speisialta eile roinnt cásanna chuig an Oifig freisin, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, an tAturnae Ioncaim, ranna Rialtais, an tÚdaras Sláinte agus Sábháilteachta, An Post, an tÚdarás Iomaíochta, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, agus údaráis áitiúla.
Is luach fíorthábhachtach de chuid na hOifige neamhspleáchas an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí. Luaitear go sonrach san Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 go mbeidh an Stiúrthóir "neamhspleách ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó". Cosnaíonn Alt 6 d'Acht 1974 neamhspleáchas an Stiúrthóra trí cheangal a chur ar an Stiúrthóir agus a chuid oifigeach gan aon chumarsáid nó uiríoll a ghlacadh más ionann an chumarsáid nó an uiríoll agus baint mhíchuí le comhlíonadh a fheidhmeanna.
Tá trí roinn in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí:
- Tar éis comhad imscrúdaithe a
scrúdú, déanann an Roinn
Treorúcháin cinneadh maidir le cibé acu ar
chóir nó nár chóir ionchúiseamh a bheith ann
nó má tá sé tosaithe cibé acu ar chóir
nó nár chóir leanúint ar aghaidh leis. Cuirtear in
iúl sa treoir a eisítear na cúisimh, más ann, a
thabharfar os comhair na gcúirteanna. I gcásanna áirithe
beidh gá le breis faisnéise agus imscrúdaithe sula
bhféadfar cinneadh a dhéanamh. Bunaítear cinneadh chun dul
ar aghaidh le hionchúiseamh ar chás prima facie -
fianaise a d'fhéadfadh, cé nach gá go dtarlódh
sé, cúirt nó giúiré a threorú chuig
cinneadh go bhfuil an duine ciontach sa chion, thar amhras
réasúnach. Tar éis cinneadh a dhéanamh chun dul ar
aghaidh le hionchúiseamh, tugann an Roinn Treorúcháin, i
gcomhairle le Roinn na nAturnaetha, treoracha agus teagasc ó am go ham
chun a chinntiú go ndéanfar an t-ionchúiseamh a sheoladh go
cuí.
- Gníomhaíonn Roinn na
nAturnaetha, faoi cheannas an Phríomh-Aturnae
Ionchúiseamh, mar aturnae don Stiúrthóir agus don Gharda
Síochána le linn cásanna a ullmhú agus a chur i
láthair i gCúirt Dúiche nó Cúirt Chuarda
Bhaile Átha Cliath, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil
nó i gCúirt Choiriúil Speisialta, sa Chúirt
Achomhairc Choiriúil, agus san Ard-Chúirt agus sa Chúirt
Uachtarach. Lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath,
déileálann 32 aturnaetha stáit áitiúla le
cásanna ina limistéir réigiúnacha
féin.
- Soláthraíonn an Roinn
Riaracháin seirbhísí eagraíochta,
bonneagair, riaracháin agus faisnéise a theastaíonn
ón Oifig agus tugann sí tacaíocht freisin don Roinn
Treorúcháin agus do Roinn na nAturnaetha.
Áirítear ar obair na hOifige:
- na comhaid imscrúdaithe coiriúla a chuirtear
faoi bhráid na hOifige a bhreithniú
- cinneadh a dhéanamh cibé acu ar chóir
nó nár chóir ionchúiseamh a thionscnamh nó
cibé acu ar chóir nó nár chóir
ionchúiseamh a bheidh tionscnaithe cheana féin ag an nGarda
Síochana a leanúint ar aghaidh agus comhairle a thabhairt maidir
le haon imscrúdaithe eile a mbeidh gá leo chun ionchúiseamh
a thosú nó a leanúint ar aghaidh
- cinneadh a dhéanamh maidir leis na cúisimh a
thabharfar agus aon chúisimh a mbeifear tar éis iad a thabhairt a
bhreithniú
- cinneadh a dhéanamh maidir leis na profaí agus
na hábhair eile a bheidh le tabhairt don chúirt agus don
chúisí, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann
le hábhar nár úsáideadh a nochtadh don
chosaint
- ionchúisimh choiriúla a chur i láthair i
gCúirteanna Dúiche Dhúiche Chathrach Bhaile Átha
Cliath agus achomhairc a eascraíonn astu a a chur i láthair sa
Chúirt Chuarda
- na hionchúisimh choiriúla
indíotáilte go léir a bheidh liostaithe i mBaile
Átha Cliath a ullmhú agus a chur i láthair - lena
n-áirítear triail sa Chúirt Chuarda Choiriúil, sa
Chúirt Choiriúil Speisialta agus sa Phríomh-Chúirt
Choiriúil
- abhcóidí a ainmniú agus a theagasc sna
cúirteanna triail éagsúla chomh maith leis an
Ard-Chúirt, an Chúirt Uachtarach agus an Chúirt Achomhairc
Choiriúil
- teagasc a thabhairt maidir le hionchúiseamh i dtriail
choiriúla a sheoladh lena n-áirítear cinntí a
eisiúint faoi na ceisteanna dlí agus beartas poiblí
éagsúla a éiríonn i gcúrsa imeachtaí
coiriúla
- dul i gcomhairle de réir mar is gá le
habhcóidí, aturnaetha stáit, comhaltaí den Gharda
Síochána agus finnéithe gairmiúla
- cinntí a dhéanamh maidir le táillí
abhcóidí a bheidh ag gníomhú thar cheann an
Stiúrthóra agus na táillí sin a
urscaoileadh
- cinntí a dhéanamh maidir le cibé acu ar
chóir nó nár chóir achomhairc, lena
n-áirítear achomhairc ar mhodh cáis shonraithe, a thabhairt
nó ar chóir dul i ngleic leo agus imeachtaí ar
athbhreithniú breithiúnach a thabhairt agus a chosaint
- iarratais ar bhannaí agus habeas corpus a
éiríonn as imeachtaí coiriúla a chosaint
- pianbhreitheanna a meastar iad a bheith
ró-thrócaireach a tharchur chuig an gCúirt Achomhairc
Choiriúil
- gearáin agus líomhaintí ó
chomhaltaí den phobal maidir le déanamh cionta coiriúla a
bhreithniú agus, de réir mar is cuí, a tharchur chuig
Coimisinéir an Gharda Síochána
- comhaid a bheidh curtha faoina bráid ag an mBord um
Ghearáin i gCoinne an Gharda Síochána a
bhreithniú
- doiciméid a mbeidh gá leo chun iarratais ar
eiseachadadh isteach sa Stát a phróiseáil a
dhréachtú nó a chur i gcrích
- iarratais ar chúnamh frithpháirteach
idirnáisiúnta i nithe coiriúla a dhréachtú
agus a dhéanamh
- bheith páirteach i gcoistí agus meithleacha
oibre a bhaineann le dlí agus nós imeachta coiriúil;
cláir speisialta oiliúna maidir le gnéithe
d'ionchúiseamh coireachta don Gharda Síochana a
éascú; agus comhdhálacha a eagrú i dtaobh nithe a
bhaineann le ceartas coiriúil chun tairbhe ár
ngeallchoimeádaithe
- comhoibriú agus páirteachas i gcomhthionscnaimh
le gníomhaireachtaí eile atá freagrach as gnéithe
den cheartas coiriúil, lena n-áirítear an Garda
Síochána; na Coimisinéirí Ioncaim; an
tÚdarás Iomaíochta; an Stiúrthóir um
Fhorfheidhmiú Corparáideach; an tÚdaras Sláinte agus
Sábháilteachta; gníomhaireachtaí ionchúiseamh
eile; an tSeirbhís Chúirteanna; an Roinn Dlí agus Cirt,
Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; an Coimisiún um
Athchóiriú an Dlí; an tSaotharlann
Dlí-Eolaíochta; an Paiteolaí Stáit; An
Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre;
Oifig an Ard-Aighne; chomh maith le heagraíochtaí eile a chuireann
ionadaíocht ar fáil do leasanna íobartach