1 Obair Ghinearálta Na Hoifige
1.1 Is í príomhfheidhm an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ionchúisimh phoiblí
agus nithe gaolmhara coiriúla a threorú agus a mhaoirsiú.
1.2 Is ón nGarda Síochána, an phríomh-ghníomhaireacht imscrúdaithe náisiúnta
a fhaigheann Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí formhór na gcásanna lena
n-déileálann an Oifig. Mar sin féin, tarchuireann gníomhaireachtaí imscrúdúcháin
speisialta eile roinnt cásanna chuig an Oifig freisin, lena n-áirítear na
Coimisinéirí Ioncaim, Ranna Rialtais, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, An
Post, an tÚdarás Iomaíochta, an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach, an
Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus údaráis áitiúla.
1.3 Tá trí rannán in Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí:
Tar éis comhad imscrúdaithe a scrúdú, déanann an Rannán Stiúrtha cinneadh
maidir le cibé ar chóir nó nár chóir ionchúiseamh a bheith ann nó má tá sé
tosaithe ag an nGarda Síochána cibé acu ar chóir nó nár chóir leanúint ar
aghaidh leis. Cuirtear in iúl sa treoir a eisítear na cúisimh, más ann, a
thabharfar os comhair na gcúirteanna. I gcásanna áirithe beidh gá le breis
faisnéise agus imscrúdaithe sula bhféadfar cinneadh a dhéanamh. Bunaítear
cinneadh chun dul ar aghaidh le hionchúiseamh ar chás prima facie - fianaise a
d'fhéadfadh, cé nach gá go dtarlódh sé, cúirt nó giúiré a threorú chuig cinneadh
go bhfuil an duine ciontach sa chion, thar amhras réasúnach.
Gníomhaíonn An Rannán Aturnaetha, faoi cheannas an Phríomh-Aturnae
Ionchúisimh, mar aturnae don Stiúrthóir agus don Gharda Síochána le linn cásanna
a ullmhú agus a chur i láthair i gCúirt Dúiche nó Cúirt Chuarda Bhaile Átha
Cliath, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus sa Cúirt Choiriúil Speisialta, sa
Chúirt Achomhairc Choiriúil, agus san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Uachtarach.
Lasmuigh de limistéar Bhaile Átha Cliath, déileálann 32 aturnaetha stáit áitiúla
le cásanna ina limistéir réigiúnacha féin.
Soláthraíonn an Rannán Riaracháin seirbhísí eagraíochta, bonneagair,
riaracháin agus faisnéise a theastaíonn ón Oifig agus tugann sé tacaíocht
freisin don Rannán Stiúrtha agus don Rannán Aturnaetha.
1.4 Áirítear ar obair na hOifige:
- na comhaid imscrúdaithe coiriúla a chuirtear faoi bhráid na hOifige a
bhreithniú
- cinneadh a dhéanamh cibé acu ar chóir nó nár chóir ionchúiseamh a
thionscnamh nó cibé acu ar chóir nó nár chóir leanúint ar aghaidh le
hionchúiseamh a bheidh tionscnaithe cheana féin ag an nGarda Síochana agus
comhairle a thabhairt maidir le haon imscrúduithe eile a mbeidh gá leo chun
ionchúiseamh a thosú nó leanúint ar aghaidh leis
- cinneadh a dhéanamh maidir leis na cúisimh a thabharfar agus aon chúisimh
a mbeifear tar éis iad a thabhairt a bhreithniú
- cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcruthúnas agus na hábhair eile a
bheidh le tabhairt i láthair don chúirt agus don chúisí, lena n-áirítear
saincheisteanna a bhaineann le hábhar nár úsáideadh a nochtadh don chosaint
- ionchúisimh choiriúla a chur i láthair i gcúirteanna dúiche Dhúiche
Chathrach Bhaile Átha Cliath agus achomhairc a eascraíonn astu a chur i
láthair sa Chúirt Chuarda
- na hionchúisimh choiriúla indíotáilte go léir a bheidh liostaithe i mBaile
Átha Cliath a ullmhú agus a chur i láthair - lena n-áirítear triail sa Chúirt
Chuarda Choiriúil, sa Chúirt Choiriúil Speisialta agus sa Phríomh-Chúirt
Choiriúil
- Abhcóide a ainmniú agus a theagasc sna cúirteanna trialach éagsúla chomh
maith leis an Ard-Chúirt, an Chúirt Uachtarach agus an Chúirt Achomhairc
Choiriúil
- teagasc a thabhairt maidir le hionchúiseamh i dtrialacha coiriúla a
stiúradh lena n-áirítear cinntí a eisiúint faoi na ceisteanna dlí agus na
beartais phoiblí éagsúla a éiríonn le linn imeachtaí coiriúla
- dul i gcomhairle de réir mar is gá le habhcóidí, le haturnaetha stáit
áitiúla, le comhaltaí den Gharda Síochána agus le finnéithe gairmiúla
- cinntí a dhéanamh maidir le táillí Abhcóidí a bheidh ag gníomhú thar ceann
an Stiúrthóra agus na táillí sin a urscaoileadh
- cinntí a dhéanamh maidir le cibé acu ar chóir nó nár chóir achomhairc,
lena n-áirítear achomhairc ar mhodh cáis shonraithe, a thabhairt nó ar chóir
dul i ngleic leo agus imeachtaí ar athbhreithniú breithiúnach a thabhairt agus
a chosaint
- iarratais ar bhannaí agus habeas corpus a éiríonn as imeachtaí
coiriúla a chosaint
- pianbhreitheanna a mheastar a bheith ró-thrócaireach a tharchur chuig an
gCúirt Achomhairc Choiriúil
- gearáin agus líomhaintí ó dhaoine den phobal maidir le déanamh cionta
coiriúla a bhreithniú agus, de réir mar is cuí, a tharchur chuig Coimisinéir
an Gharda Síochána
- comhaid a bheidh curtha faoina bhráid ag an mBord um Ghearáin i gCoinne an
Gharda Síochána a bhreithniú
- doiciméid a mbeidh gá leo chun iarratais ar eiseachadadh isteach sa Stát a
phróiseáil, a dhréachtú nó a shocrú
- iarratais ar chúnamh frithpháirteach idirnáisiúnta maidir le nithe
coiriúla a dhréachtú agus a dhéanamh
- bheith rannpháirteach i gcoistí agus grúpaí oibre a bhaineann le dlí agus
imeachtaí coiriúla agus cur leo; cláir speisialta oiliúna maidir le gnéithe
d'ionchúiseamh coireachta don Gharda Síochana a éascú; agus comhdhálacha a
eagrú i dtaobh nithe a bhaineann le ceartas coiriúil chun tairbhe ár
ngeallsealbhóirí
- comhoibriú agus a bheith rannpháirteach i gcomhthionscnaimh le
gníomhaireachtaí eile atá freagrach as gnéithe den cheartas coiriúil, lena
n-áirítear an Garda Síochána; na Coimisinéirí Ioncaim; an tÚdarás Iomaíochta;
an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach; an tÚdarás Sláinte agus
Sábháilteachta; gníomhaireachtaí ionchúiseamh eile; an tSeirbhís Chúirteanna,
an Roinn Dlí agus Cirt Comhionannais agus Athchóirithe Dlí; an Coimisiún um
Athchóiriú an Dlí; an tSaotharlann Dlí-Eolaíochta; an Paiteolaí Stáit; An
Lia-Bhiúró um Shábháilteacht ar Bhóithre; Oifig an Ard-Aighne; chomh maith le
heagraíochtaí eile a chuireann ionadaíocht ar fáil do leasanna íospartach.