16.1 Tá cead ag na daoine seo a leanas scríobh chuig Oifig an Stiúrthóra:
16.2 Is féidir leis na daoine seo freisin a leanas scríobh chuig Oifig an Stiúrthóra thar ceann a gcliant:
16.3 Tá sé in aghaidh an dlí d'aon duine eile teagmháil a dhéanamh le hOifig an Stiúthróra chun críche tionchar a imirt ar chinneadh tarraingt siar as ionchúiseamh nó gan ionchúiseamh a thosú nó chun críche tionchar a imirt ar dhéanamh cinnidh i ndáil le hiarratas faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993 chun athbhreithniú a dhéanamh ar phianbhreith.
16.4 Tá cosc ar an ionchúisitheoir, de bhua alt 6 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974, nó alt 2(4) den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993 ó aon chumarsáid neamhdhleathach den sórt sin a bhreithniú nuair a bhíonn sé ag machnamh ar chinneadh a dhéanamh maidir le hionchúiseamh a thionscnamh nó athbhreithniú ar phianbhreith ar chúiseanna trócaireachta míchuí a lorg. Tá na hailt iomchuí tugtha thíos:
6(1)(a) Faoi réir forálacha an ailt seo ní dleathach cumarsáid a dhéanamh leis an Ard-Aighne ná le hoifigeach don Ard-Aighne, leis an Stiúrthóir ná le hoifeach don Stiúrthóir, leis an Stiúrthóir Gníomhach, le comhalta den Gharda Síochána ná le haturnae a ghníomhaíonn thar ceann an Ard-Aighne ina cháil oifigiúil nó thar ceann an Stiúrthóra ina cháil oifigiúil, d'fhonn a thabhairt go ndéanfaí cinneadh go dtarraingeofaí siar nó nach dtionscnófaí imeachtaí coiriúla nó aon chúiseamh áirithe in imeachtaí coiriúla.
(b) Má thagann duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo ar an tuairim gur sárú ar an mír sin cumarsáid áirithe, is é dualgas an duine gan a thuilleadh airde a thabhairt ar an gcumarsáid.
6(2)(a) Ní bhaineann an t-alt seo -
(i) le cumarsáidí ó dhuine is cosantóir nó is gearánach in imeachtaí coiriúla nó a chreideann gur dóigh dó a bheith ina chosantóir in imeachtaí coiriúla, ná
(ii) le cumarsáidí ó dhuine a mbeidh baint aige leis an ábhar go pearsanta nó mar chomhairleoir dlí nó liachta do dhuine a mbeidh baint aige leis an ábhar nó mar oibrí sóisialach nó mar dhuine de theaghlach duine a mbeidh baint aige leis an ábhar.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn "duine de theaghlach" banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac iníon, ua, banua, leasmhac, leaniníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, duine is ábhar d'ordú uchtála, nó a bhfuil ordú uchtála déanta ina fhabhar, faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964.
2(4) Bainfidh alt 6 den Acht um Ionchúiseamh i gCiontaí, 1974 (a thoirmisceann cumarsáidí áirithe i ndáil le himeachtaí coiriúla), maille le haon mhodhnuithe is gá, le cumarsáidí arna ndéanamh ag na daoine atá luaite san alt sin chun críche tionchar a imirt ar dhéanamh cinnidh i ndáil le hiarratas faoin alt seo de réir mar a bhaineann le cumarsáidí den sórt sin a dhéanamh chun críche cinneadh a dhéanamh nó imeachtaí coiriúla a tharraingt siar nó gan imeachtaí coiriúla a thionscnamh nó aon chúiseamh ar leithligh in imeachtaí coiriúla.