15 Forghéilleadh, Coigistiú agus Dícháilíochtaí
15.1 Cé gur chóir go mbeadh aird ar chearta aon pháirtí neamhchiontach a
bhféadfaí difear a dhéanamh dó nó di, ba chóir don ionchúisitheoir orduithe a
lorg, nuair is cuí, lena chinntiú:
- nach mbaineann ciontóir brabús as a iompar coiriúil nó a hiompar coiriúil;
- go mbíonn maoin a úsáidtear i ndéanamh ciona faoi réir ag forghéilleadh.
15.2 Is ceist é coigistiú a bhíonn le breithniú agus comhairle a fháil air ón
tús i ngach cás. Níor chóir breathnú air díreach mar rogha breise ar imeachtaí
pianbhreithe nó ar ionchúiseamh a stiúradh. Forálann an tAcht um Cheartas
Coiriúil, 1994, go sonrach do choigistiú tar éis ciontaithe agus baineann sé sin
le cionta i ngáinneáil ar dhrugaí agus le cionta i ngáinneáil nach mbaineann le
drugaí. Ceanglaíonn alt 4 den Acht sin, arna leasú ag alt 25 den Acht um
Cheartas Coiriúil, 1999, ar an gcúirt a chinneadh ar thairbhigh an cúisí as
gáinneáil ar dhrugaí i gcásanna ina ndéantar an cúisí a chiontú agus ina
gcuirtear pianbhreith air nó uirthi (nó gur déileáladh leis nó léi ar shlí eile
i ndáil le cion gáinneála ar dhrugaí). Forálann an reachtaíocht freisin, in alt
9, don Stiúrthóir iarratas a dhéanamh, i gcásanna eile, ar an gcúirt a chinneadh
ar thairbhigh an cúisí ón gcion dá bhfuil sé ciontaithe.
15.3 Is éard a bheidh sa mhéid a dhéanfar a choigistiú:
- i gcás ciona gáinneála ar dhrugaí, an méid a mheasann an chúirt a bheith
mar luach imeachtaí gáinneála ar dhrugaí an chosantóra;
- I gcás ciona gáinneála nach mbaineann le drugaí, faoi réir ag na forálacha
sa reachtaíocht, an méid sin a mheasann an chúirt a bheith cuí.
15.4 Is é an caighdeán cruthúnais atá de dhíth chun na ceisteanna seo a
chinneadh ná an caighdeán is ísle is infheidhme in imeachtaí sibhialta, i.e.
gurb é is dóichí.
15.5 Forálann an reachtaíocht sin freisin d'orduithe sriantachta agus cúntach
a chaomhnaíonn maoin le haghaidh coigistiú a d'fhéadfaí a dhéanamh sa todhchaí
tar éis ciontaithe mar aon le foráil d'orduithe athrúcháin. Ba chóir dul i
gcomhairle go pras le hOifig an Stiúrthóra má bhíonn orduithe den sórt sin cuí.
Ba chóir don imscrúdaitheoir an cheist cibé an mbeadh iarratas coigistithe
oiriúnach a dhíriú nuair a bhíonn an comhad á chur isteach agus ba chóir go
mbreithneodh an t-oifigeach gairmiúil a bheidh ag déileáil leis an gcás í nuair
a bhí imscrúdú á stiúradh.
15.6 Foráiltear freisin i reachtaíocht eile d'fhorghéilleadh agus do
chúlghairm ceadúnais agus ceadanna in imthosca áirithe, nó do dhíbharradh ó
cheadúnais nó ceadanna a shealbhú. Is é an ceann is coitianta ná dícháiliú ó
cheadúnas tiomána a shealbhú. Ba chóir don ionchúisitheoir an liosta seo a
leanas d'fhorálach reachtúla, cé nach liosta iomlán é, a bheith ina aigne nó ina
haigne:
- alt 23 d'Acht na nArm Teine, 1925 - féadfar airm tine áirithe a
fhorghéilleadh i gcás go gciontaítear duine faoi chion airm tine nó faoi
chionta áirithe eile;
- alt 28 den Acht Deocha Meisciúla, 1927 - d'fhéadfaí an ceadúnas a
fhorghéilleadh;
- alt 10 den Acht um Scrúdóireacht Fhoillseachán, 1929 - d'fhéadfaí
foilseacháin thoirmeasctha a choigistiú;
- alt 76 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, arna leasú ag an Acht um Fhiadhúlra,
2000 - d'fhéadfaí feithiclí agus airm tine a úsáidtear chun cion a dhéanamh a
fhorghéilleadh;
- alt 2 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1985 - d'fhéadfaí
airgead a chreidtear gur le heagraíochtaí mídhleathacha é agus atá lóisteáilte
i mbanc a urghabháil;
- alt 28 den Acht um Fhístaifeadtaí, 1989 - d'fhéadfaí téipeanna a
fhorghéilleadh;
- alt 13 d'Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 - d'fhéadfaí
airm agus nithe eile a úsáidtear i ndéanamh ciona a urghabháil;
- alt 6 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993 - féadfaidh cúir a ordú go
n-íocfaí cúiteamh le híospartaigh chomh maith le pionós a fhorchur;
- ailt 38 agus 29 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1994 - d'fhéadfaí airgead
tirim a dhéantar a allmhairiú isteach sa Stát nó a onnmhairiú amach as an Stát
agus a chreidtear go bhfuil baint aige le gáinneáil ar dhrugaí a urghabháil
agus a fhorghéilleadh;
- alt 25 den Acht um Scéim Náisiúnta Dearbhaithe Mairteola, 2000 -
d'fhéadfaí rudaí a úsáidtear i ndéanamh ciona faoin Acht a fhorghéilleadh;
- alt 145 agus 264 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 - d'fhéadfaí
cóipeanna sáraitheacha de leabhair, d'ailt agus de thaifeadtaí etc a
fhorghéilleadh d'úinéir an chóipchirt nó d'fhéadfaí iad a scriosadh;
- alt 4 den Acht um Inimircigh Neamhdhleathacha (Gáinneáil), 2000 -
d'fhéadfaí feithiclí a urghabháil;
- alt 97 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 - i gcás go bhfaightear
deimhnithe áirithe a thugann tairbhí airgeadais go calaoiseach d'fhéadfaí an
tairbhe a fhorghéilleadh;
- alt 7 den Acht um Ghalair Ainmhithe, 2001 - i gcás go mbaineann an cion le
scaipeadh brúsalóise nó eitinne in ainmhithe, d'fhéadfaí na feithiclí agus na
háitribh a bhíonn i gceist a fhorghéilleadh;
- alt 72 den Acht um Dhearadh Tionsclaíochta, 2001 - i gcás go mbíonn táirgí
nó nithe sáraitheacha ar dhearadh tionsclaíochta i seilbh go neamhdhleathach
ag duine, d'fhéadfaí iad a fhorghéilleadh chuig an dílseánach cláraithe nó
d'fhéadfaí iad a scriosadh;
- alt 15 agus alt 50 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Gadaíochta agus
Calaoise), 2001 - coigistiú ar uirlisí a bhíonn in úsáid chun buirgléireacht
nó cionta eile a dhéanamh;
- alt 41 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú - urghabháil agus
diúscairt ar fheithclí nuair a bhítear ag tiomáint gan cheadúnas, gan cháin nó
gan árachas;
- alt 17 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1998 -
forghéilleadh i gcásanna cionta pléascán agus airm tine;
- feithiclí a bhíonn in úsaid le haghaidh smuigléireachta a fhorghabháil -
alt 6 den Acht Custaim agus Máil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1988.
Ní liosta cuimsitheach an liosta thuas. Is mar aide memoire amháin
atá an liosta sin agus ba chóir tagairt a dhéanamh don reachtaíocht shainiúil i
ngach cás.