14 Fianaise Comhchoirithe

14.1 Is minic go gcothaíonn cinneadh comhchoirí a ghairm chun fianaise a thabhairt don ionchúiseamh breithnithe a bhíonn ag teacht trasna ar a chéile rud a éilíonn go gcaitear breithiúnas cúramach a dhéanamh i ndáil leis an bhfianaise go léir a bhíonn ar fáil. Níl dul thairis, áfach, nach mbeidh cásanna ann gurb é an t-aon fianaise a bhíonn ar fáil don ionchúiseamh ná fianaise chomhchoirí nó nach mbeadh cás dóthanach ann chun ionchúiseamh a thionscnamh gan fianaise chomhchoirí. D'fhéadfadh cásanna a bheith ann freisin ina dtabharfadh fianaise comhchoirí, cé nach í an t-aon fhianaise sa chás í nó nach mbeadh sí bunriachtanach don chás, tacaíocht shuntasach don ionchúiseamh.

14.2 Chomh maith leis an gceist faoi ar chóir comhchoirí a ghairm d'fhéadfaí an cheist a ardú ar chóir an comhchoirí sin a ionchúiseamh freisin. Maidir leis seo, mura ndéileáiltear leis an gcomhchoirí i ndáil lena rannpháirtíocht féin sa ghníomhaíocht choiriúil is ábhar don chúiseamh in aghaidh an chosantóra nó mura mbíonn díolúine ó ionchúiseamh bronnta air nó uirthi, d'fhéadfadh sé nó sí a bheith i riocht pribhléid a éileamh in aghaidh féin-ionchoiriú i ndáil leis an ábhar céanna sin ar mian leis an ionchúiseamh a thabhairt ar aird i bhfianaise.

14.3 De ghnáth, ba chóir go ndéanfaí aon chás in aghaidh comhchoiriú a dhiúscairt sula ndéantar an comhchoiriú a ghairm chun fianaise a thabhairt in aghaidh daoine cúisithe eile i ndáil leis an gcion céanna.

14.4 In imthosca áirithe d'fhéadfadh sé a bheith stuama lamháltais a dheonú do dhaoine a ghlac páirt i gcionta líomhnaithe chun go mbeadh a gcuid fianaise ar fáil in aghaidh daoine eile. D'fhéadfadh go mbeadh san áireamh ar lamháltais den sórt sin:

  1. slánaíocht in aghaidh ionchúisimh;
  2. glacadh le pléadáil ciontach ar níos lú cúiseamh nó ar chúiseamh níos lú ná a d'fhéadfaí leanúint ar aghaidh leis, nó comhaontú go ndéileálfar leis an gcás nó toiliú go ndéileálfaí leis ar shlí achomair.

14.5 Féadfar slánaíocht a dheonú i ndáil le hiompar coiriúil atá déanta ach ní féidir leis an Stiúrthóir sin a dheonú chun iompar sa todhchaí a chlúdach.

14.6 Is ceist don Stiúrthóir aon chinneadh maidir le slánaíocht nó lamháltas eile. Agus an cheist sin á cinneadh, mar aon leis an áit a luíonn an meá, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

  1. tábhacht, inchreidteacht agus iontaofacht fhianaise an chomhchoirí;
  2. a mhéid ba dhealraitheach an comhchoirí a bheith páirteach sa ghníomhaíocht choiriúil atá faoi chaibidil i gcomparáid le rannpháirtíocht an chúisí a bhfuil an comhchoirí ina fhinné ina aghaidh nó ina haghaidh;
  3. chomh láidir atá fianaise an ionchúisimh in aghaidh an chosantóra d'uireasa na fianaise a bhfuiltear ag súil a fhéadfaidh an comhchoirí a thabhairt agus, más féidir cúiseamh nó cúisimh áirithe a chruthú in aghaidh an chosantóra gan fianaise an chomhchoirí, a mhéid a léireodh na cúisimh sin ciontacht dhealraitheach an chosantóra go dóthanach;
  4. a mhéid is dóchúla go neartófaí fianaise an ionchúisimh dá dtabharfadh an comhchoirí fianaise agus tábhacht agus iontaofacht na fianaise sin;
  5. an bhféadfadh an t-ionchúiseamh a chás a dhéanamh gan a bheith ag brath ar an bhfianaise a d'fhéadfadh an comhchoirí a thabhairt (mar shampla, an dóchúlacht go nochtfadh tuilleadh imscrúduithe dóthain fianaise neamhspleách chun aon laige sa chás a leigheas) nó an bhféadfadh fianaise a bheith ar fáil ó fhoinsí eile;
  6. cibé an bhfuil an fhianaise a d'fhéadfadh an finné a thabhairt riachtanach go réasúnach chun ciontú an duine chúisithe a dhaingniú;
  7. cibé an bhfuil dóthain fianaise inghlactha, nó ar dócha go mbeadh dóthain fianaise inghlactha ann, chun cúisimh in aghaidh an chomhchoirí a fhódú, agus cibé ar chun leasa an phobail é go ndéanfaí an comhchoirí a ionchúiseamh murach go mbeadh sé nó sí ullamh fianaise a thabhairt don ionchúiseamh;
  8. cibé, dá ndéanfaí an comhchoirí a ionchúiseamh agus ansin go dtabharfadh sé nó sí fianaise, an bhfuil bunús iarbhír ann lena chreidiúint go mbeadh a shábháilteacht phearsanta nó a sábháilteacht phearsanta i mbaol;
  9. cibé an gcomhaontaíonn an duine a bheith ar fáil chun fianaise a thabhairt ag aon triail agus gach ceist a d'fhéadfaí a chur air nó uirthi a fhreagairt go macánta;
  10. carachtar, creidmheas agus teist choiriúil an chomhchoirí.

An Clár um Dhíolúine Cairtéil

14.7 Is ann do shocruithe speisialta maidir le hiarratais ar dhíolúine thar ceann ciontóirí a bhfuil gníomhaíochtaí i gcairtéil mhídhleathacha ina raibh siad páirteach tuairiscithe acu. Tá comhaontú idir an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus an tÚdarás Iomaíochta faoin tslí le hiarratais den sórt sin a bhreithniú agus leagann Clár um Dhíolúine Cairtéil, atá foilsithe, amach polasaí an Stiúrthóra agus an Údaráis agus tugann imlíne ar an bpróiseas trína gcaithfidh páirtithe aontú comhoibriú chun go gcáileodh siad don díolúine. Tá an Clár foilsithe ar láithreán gréasáin an Stiúrthóra ag www.dppireland.ie agus ar láithreán gréasáin an Údaráis Iomaíochta ag www.tca.ie.