13 Triail Achomair

13.1 Is iad An Garda Síochána a thionsncaíonn formhór mór na gcásanna a ndéileáiltear leo sa Chúirt Dúiche gan aon tagairt díreach a dhéanamh don Stiúrthóir. Leagann Caibidil 7 amach na himthosca inar chóir don Gharda Síochána treoir a lorg ó Oifig an Stiúrthóra sula gcuirtear cúisimh ar aghaidh i gcásanna indíotáilte nó i gcásanna ar dócha go n-éistfear ar díotáil iad. Tá an Garda Síochána údaraithe tús a chur le himeachtaí achoimre in ainm an Stiúrthóra i gcásanna ach amháin na cásanna sin a mbíonn teagasc, treoracha nó orduithe mionsonraithe eisithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána nó ag an Stiúrthóir ina leith gan sin a dhéanamh, nó sin a dhéanamh tar éis treoir a lorg ó Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus sin amháin.

13.2 Sa chás go mbeidh comhairle ghinearálta nó shonrach eisithe ag an Stiúrthóir chuig an Garda Síochána nó treoracha faoi alt 8 d'Acht an Gharda Síochána 2005 ní mór don Gharda Síochána an chomhairle nó na treoracha sin a chomhlíonadh. Is breis iad na Treoirlínte seo ar aon chomhairle nó treoracha den sórt sin agus níl siad i gceist go dtógfadh na Treoirlínte tús áite orthu.

13.3 Tá cead ag an nGarda Síochána in aon cohás treoracha sonracha a lorg ón Stiúrthóir fiú i gcás de chineál achomair ina mbeidh údarú acu ionchúiseamh a dhéanamh ina ainm gan treoir shonrach.

13.4 Le linn don Gharda Síochána cinneadh a dhéanamh maidir le hionchúiseamh a dhéanamh in ainm an Stiúrthóra agus le linn cásanna a chur i láthair sa chúirt thar ceann an Stiúrthóra, táthar ag súil go gcomhlíonfaidh siad dualgais ionchúisitheoirí mar atá leagtha amach sna Treoirlínte.

13.5 Is é an teorainn ama reachtúil do thosach feidhme imeachtaí achoimre sa chuid is mó cásanna ná sé mhí, siúd is go bhforáiltear teorainneacha ama reachtúla níos faide i gcásanna áirithe.

Roghnú Idir Triail ar Díotáil agus Triail Achomair agus Toiliú le Triail Achomair

13.6 Ar leith ó chinneadh a dhéanamh maidir leis an gcúiseamh cuí nó maidir leis na cúisimh chuí, caithfidh an t-ionchúisitheoir breithniú a dhéanamh, seachas maidir le cionta achoimre, i dtaobh an ceart an t-ionchúiseamh a dhéanamh sa Chúirt Dúiche nó ar díotáil. D'fhéadfadh trí chineál cásanna a bheith ann:

13.7 Ní féidir déileáil le catagóir de chionta tromchúiseacha, lena n-áirítear cionta dúnmharaithe agus éignithe, áfach, ach amháin sa Phríomh-Chúirt Choiriúil.

13.8 Tá triail achomair beartaithe chun ceartas a riaradh chomh tapaidh agus is féidir. Ba chóir d'ionchúisitheoirí féachaint do thionchar aon mhoille is dócha a thiocfadh as rogha ionaid, aon bhuntáiste (cosc san áireamh) a réiteach níos tapúla, agus an mbeadh tionchar mór dochrach ag moill ar íospartach an chiona nó ar fhinné. Níor chóir go mbeadh i ndlús diúscartha ach fachtóir amháin agus ba chóir don ionchúisitheoir féachaint freisin do chineál an cháis agus an ionann na himthosca agus cinn a dhéanann cion tromchúiseach den chion atá líomhnaithe agus nach mbeadh sé oiriúnach déileáil leis go hachomair.

13.9 Le linn a chinneadh an roghnófar cás a chur de láimh go hachomair nó an dtoileofar le cás a chur de láimh sa tslí sin, cibé acu ar phléadáil ciontach nó ar shlí eile, is é an príomhrud atá le cur san áireamh ná an mbeadh na roghanna pianbhreithe atá ar fáil don Chúirt Dúiche dóthanach chun déileáil leis an iompar líomhnaithe a ndearnadh gearán ina leith ag féachaint d'imthosca uile an cháis agus go háirithe do thromchúis an chiona. I dtaca leis seo de, a mhéid a bhaineann le cineálacha áirithe cionta, tá toiliú ginearálta nó rogha ghinearálta tugtha ag an Stiúrthóir do chomhaltaí den Gharda Síochána agus do ghníomhaireachtaí ionchúisimh eile déileáil le cionta den sórt sin sa Chúirt Dúiche gan aon ghá teagmháil a dhéanamh, roimh ré, lena Oifig nó comhad imscrúdaithe a chur faoi bhráid a Oifige roimh ré. Samplaí de chásanna atá san earnáil seo is ea buirgléireacht i dteach cónaithe neamháitithe, nó seilbh drugaí rialaithe le haghaidh úsáide pearsanta. Fiú amháin sna cineálacha sin cásanna, áfach, is ceart don Gharda Síochána treoracha a lorg i gcás ina bhféadfadh fíorais áirithe an cháis, mar shampla iolracht cionta den sórt sin nó taifead cúisí roimhe sin nó imthosca méadaitheacha eile, a thabhairt le fios nár leor na roghanna pianbhreithe atá ar fáil sa Chúirt Dúiche.