12.1 Sa chaibidil seo ba chóir glacadh le tagairtí d'íospartaigh mar thagairtí freisin do ghaolta íospartach a bhíonn básaithe nó d'íospartaigh ar leanaí nó daoine le míchumas iad agus a choscann orthu breathnú i ndiaidh a ngnó féin.
12.2 Ionchúisíonn an Stiúrthóir cásanna thar ceann Phobal na hÉirenan agus ní ar mhaithe le leas aon duine amháin faoi leith. Ar an gcúis sin, siúd is go bhfuil tábhacht le tuairimí agus leasanna an íospartaigh, ní hiad an t-aon bhreithniú iad a chaitear a chur san áireamh nuair a bhítear ag cinneadh an ndéanfar ionchúiseamh nó nach ndéanfar. Cuirfidh an Stiúrthóir san áireamh áfach na torthaí a bheidh ann don íospartach ó thaobh an chinnidh ionchúiseamh a dhéanamh nó gan a dhéanamh nó i ndáil le glacadh le pléadáil agus féachfaidh sé aon tuairimí a chuireann an t-íospartach nó teaghlach an íospartaigh in iúl.
12.3 Tá na gealltanais seo a leanas tugtha ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí maidir le híospartaigh coireachta:
12.4 Breithneoidh an Stiúrthóir go cúramach aon iarraidh, a bheidh breithnithe go ceart agus déanta le saorthoil ón íospartach nach leanfaí ar aghaidh leis na himeachtaí dlí. Caithfear a choinneáil in aigne áfach nach mb'fhéidir go mbeadh mian léirithe na n-íospartach ag teacht le leas an phobail agus i gcásanna den sórt sin go háirithe nuair a bheidh fianaise eile in aghaidh an duine chúisithe nó nuair a éileoidh troime an chiona líomhnaithe sin b'fhéidir go n-éileodh leas an phobail go leanfaí leis an ionchúiseamh ainneoin gurbh fhearr leis an íospartach gan leanúint ar aghaidh leis.
12.5 Ní chasann foireann Oifig an Stiúrthóra le híospartaigh cionta chun cinntí a phlé leo. Féadfaidh íospartaigh cionta áfach scríobh chuig an Oifig faoi phointe is mian leo a dhéanamh faoi chinneadh faoi leith.
12.6 Nuair a chinneann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí gan ionchúiseamh a dhéanamh i gcás áirithe, tugtar na cúiseanna leis an gcinneadh don Aturnae Stáit agus don Gharda imscrúdaithe. Is é polasaí an Stiúrthóra gan an fhaisnéis sin a nochtadh go poiblí. Is féidir roinnt cúiseanna a thabhairt i leith an pholasaí sin. Má thugtar cúiseanna i gcás amháin ní mór iad a thabhairt i ngach cás. Ina lán cásanna is ionann cúiseanna a thabhairt go poiblí agus máchail coirpigh a chur ar dhuine gan aon triail a bheith ann. Thacaigh an Chúirt Uachtarach leis an bpolasaí sin in H v. Director of Public Prosecutions [1994] 2 IR 589 ar l. 603 mar a leanas:
"Is é seasamh an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ná nach ceart dó, i gcoitinne, cúiseanna a thabhairt in aon chás ar leithligh i dtaobh cén fáth nár thionscain sé ionchúiseamh ó tharla nach mór dó déanamh amhlaidh i ngach cás má dhéanann sé sin i gcás amháin. Thacóinn leis an seasamh sin mar sheasamh ceart."
Tá tacaíocht tugtha don pholasaí seo freisin ag an Roghchoiste ar Choiriúlacht, Aindlíthiúlacht agus Loitiméireacht (15ú Tuarascáil, Pl 4703 ag mír 3.7).
12.7 Tá forléiriú déanta ar pholasaí an Stiúrthóra gan cúiseanna a thabhairt go poiblí mar chosc ar chúiseanna a thabhairt d'íospartaigh.
12.8 Ní thugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 ceart chun rochtana ach ar thaifid a bhaineann le riaradh na hOifige (alt 46(1)(b)). Ciallaíonn sé sin nach bhfuil aon cheart rochtana faoin Acht ar eolas ó chomhaid a bhaineann le cásanna coiriúla aonair.
12.9 Tá na freagrachtaí seo a leanas i leith íospartach coireachta ar an aturnae atá ag déileáil le hionchúiseamh coiriúil:
12.10 Is ceart don aturnae agus don abhcóide atá ag déileáil leis an ionchúiseamh iarracht a dhéanamh, gach tráth, déileáil go tuisceanach agus go hurramach le híospartach coireachta. Cé go bhfuil an t-íospartach i dteideal go n-éistfear lena thuairimí nó lena tuairimí, agus go mbreithneofaí na tuairimí sin, níl an t-íospartach i dteideal treoracha a thabhairt d'aturnae nó d'abhcóide an ionchúiseamh maidir le seoladh na trialach. Is ceart déileáil leis an íospartach go tuisceanach, inchiallaithe, dearfach agus aird chuí a thabhairt ar staid phearsanta, ar chearta agus ar dhínit an íospartaigh. Is ceart don aturnae, a mhéid is féidir, míniú a thabhairt don íospartach, nó a chur faoi deara go dtabharfaidh an t-abhcóide míniú don íospartach, ar phróisis agus ar nósanna imeachta na cúirte agus ba chóir dó nó di an t-íospartach a chur ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú le linn na trialach. Ba chóir don aturnae nó don abhcóide féachaint le leasanna an íospartaigh a chosaint a mhéid is féidir leis nó léi, i gcomhréir lena ndualgas don chúirt agus a ndualgas an t-ionchúiseamh a sheoladh thar ceann an Phobail agus, go háirithe, ní fhéadfaidh siad seoladh finné a chur i ráiteas ach amháin i gcás go mbíonn sé ábhartha. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar íospartach coire, ar é nó í a ghairm chun fianaise a thabhairt, dul trí anó mothaitheach agus fisiceach a fulaingíodh ón gcion. Ba chóir go mbeadh lán-aird ag ionchúisitheoir ar an bhfíric sin.
12.11 Is ceart aon ghearáin ó íospartach maidir leis an tslí inar déileáladh leis nó léi a dhíriú chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó chuig an bPríomh-Aturnae Ionchúisimh.
12.12 Tá roinnt gealltanas tugtha ag an nGarda Síochána d'íospartaigh coireachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas: