11 Achomhairc i gCoinne Ionchúisimh agus Athbhreithniú ar Phianbhreitheanna

11.1 Níl aon cheart ag an ionchúiseamh achomharc a dhéanamh i gcoinne éigiontú.

11.2 Tá na cumhachtaí seo a leanas ag an ionchúiseamh maidir le hachomharc a dhéanamh nó athbhreithniú a lorg ar chinntí áirithe ó chúirt trialach:

  1. athbhreithniú ar phianbhreith faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993. Féadfaidh an Stiúrthóir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil chun athbhreithniú a dhéanamh ar phianbhreith a ghearrann cúirt ar dhuine a chiontú tar éis trialach ar díotáil más dealraitheach don Stiúrthóir go raibh an phianbhreith róthrócaireach. Ní bhaineann an fhoráil seo le ciontuithe i gcúirteanna dlínse achoimre;
  2. faoi alt 34 den Acht um Nós imeachta Coiriúil, 1967 más rud é, ar cheist dlí, go ndéanfar fíorasc i bhfabhar duine chúisithe ar ordú ó bhreitheamh trialach, féadfaidh an Stiúrthóir an cheist dlí a tharchur chuig an gCúirt Uachtarach chun cinneadh a fháil ina leith. Maidir le tarchur faoi alt 34, is gan dochar é don fhíorasc i bhfabhar an chúisí. Is fíorannamh a tharlaíonn tarchur faoi alt 34. Is ceart a thabhairt faoi deara go mbaineann an t-alt le haicme theoranta rialuithe dlíthiúla i gcoinne an ionchúisimh. Mar shampla, ní thugann alt 34 teideal don Stiúrthóir ceist dlí a tharchur arb é a leanfaidh aistí ná fianaise a eisiamh rud a lagaíonn go hiomlán cás an ionchúisimh. Ná ní bhaineann sé le míthreorú dlí ó bhreitheamh trialach chuig giúiré ar lú é ná treorú sainráite fíorasc a dhéanamh i bhfabhar an chúisí;
  3. is san Ard-Chúirt a dhéantar athbhreithniú breithiúnach i gcoinne orduithe ó chúirteanna dlínse áitiúla agus dlínse teoranta (go praiticiúil, ciallaíonn sé sin cúirteanna trialach seachas an Phríomh-Chúirt Choiriúil) i gcás ina ngníomhaíonn na cúirteanna sin lasmuigh dá ndlínse. Ní hionann an leigheas seo agus ceart ginearálta achomhairc. Ní féidir leas a bhaint as chun earráidí a cheartú a dhéantar laistigh dá ndlínse. Ní féidir leas a bhaint as chun rialú in aghaidh cinntí maidir le fíorais. Áirítear ar na horduithe a fhéadfar a lorg orduithe lena ndéantar iarracht a thabhairt ar chúirt a bhfuil dualgas uirthi gníomhú déanamh amhlaidh; lena ndéantar iarracht a thoirmeasc ar chúirt beart mícheart a dhéanamh; nó lena gcealaítear breith ó chúirt arna déanamh lasmuigh dá dlínse. Nuair atá tús curtha le triail le giúiré bíonn leisce ar an Ard-Chúirt idirghabháil a dhéanamh ar mhodh athbhreithnithe bhreithiúnaigh;
  4. faoi alt 52 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 féadfaidh an t-ionchúiseamh, agus an chosaint freisin, a iarraidh ar an gCúirt Dúiche aon cheist dlí a éiríonn sna himeachtaí a tharchur chuig an Ard-Chúirt le cinneadh a fháil ina leith. Tugtar "cás sonraithe comhairleach" air sin. Tá foráil den tsamhail chéanna ann lena gceadaítear cásanna sonraithe comhairleacha a tharchur ón gCúirt Chuarda chuig an gCúirt Uachtarach;
  5. le halt 2 den Summary Juristiction Act, 1857, arna leasú agus arna leathnú féadfaidh aon pháirtí, lena n-áirítear an t-ionchúiseamh, tar éis don Chúirt Dúiche imeachtaí a chinneadh, má tá sé míshásta leis an gcinneadh mar go gceapann sé go bhfuil sé earráideach ar phonc dlí, iarracht a dhéanamh achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar mhodh cáis shonraithe. Ní hionann an t-achomharc agus athéisteacht; bíonn sé teoranta don phonc dlí atá i gceist. Faoi Ordú 102, riail 15, de Rialacha na Cúirte Dúiche, 1997, ní fhéadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche diúltú cás a shonrú má tá an cás sonraithe á lorg le treoir, nó faoi threoir, ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

11.3 Tá láncheart ag an gcúisí chun achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda, ar mhodh athéisteachta iomláine, i gcoinne bhreith na Cúirte Dúiche, agus tá ceart achomhairc aige, atá bunaithe ar scríbhinn na fianaise, chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil i gcoinne ciontú nó pianbhreithe de chuid na Cúirte Coiriúla, na Cúirte Coiriúla Speisialta nó na Príomh-Chúirte Coiriúla. I roinn cásanna, féadfaidh an cúisí achomharc eile a dhéanamh chuig an gCúirt Uachtarach i gcoinne bhreith na Cúirte Achomhairc Choiriúil. Ina theannta sin, féadfaidh an cosantóir athbhreithniú breithiúnach a lorg nó a chur faoi deara cás a shonrú.

11.4 Tá sé de dhualgas ar aon ionchúisitheoir a láithríonn thar ceann an Stiúrthóra, agus atá den tuairim go bhfuil earráid dlí déanta ag cúirt agus go bhféadfadh sé go bhfuil ceann de na leigheasanna dá dtagraítear i míreanna 11.2(b), (c), (d) nó (e) ar fáil ag an Stiúrthóir an méid sin a chur in iúl don Stiúrthóir a luaithe is féidir.

Athbhreithnithe ar Phianbhreitheanna faoi alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1993

11.5 Tá cinneadh déanta ag an gCúirt Achomhairc Choiriúil gur ar an Stiúrthóir atá an dualgas, a mhéid a bhaineann le hathbhreithnithe ar phianbhreitheanna, chun a thaispeáint ní amháin go bhfuil an phianbhreith trócaireach ach go bhfuil sí róthrócaireach. In athbhreithniú den sórt sin, leagtar béim an-mhór ar chúiseanna an bhreithimh trialach leis an bpianbhreith a ghearradh. Ó tharla nach mór cinneadh a dhéanamh gur pianbhreith róthrócaireach atá ann, ní mheasfaí gur ceart don chúirt idirghabháil a dhéanamh d'fhonn an phianbhreith a mhéadú ach amháin i gcás ina bhfuil an phianbhreith an-éagsúil sin leis an bpianbhreith chuí: Director of Public Prosecutions v. Byrne (1995) 1 ILRM. Ní mór earráid phrionsabail a bheith ann ar thaobh na cúirte a ghearr an phianbhreith le gur ceart an phianbhreith a athrú: Director of Public Prosecutions v. Redmond, An Chúirt Achomhairc Choiriúil, 21 Nollaig 2000.

11.6 Ní ardóidh an Chúirt Achomhairc Choiriúil, dá bhrí sin, pianbhreith díreach mar gheall ar easaontú faoi thromchúise. Is gá go mbeadh difear substaintiúil ann idir an phianbhreith a ghearrtar agus an réimse pianbhreitheanna a ghlactar leo mar phianbhreitheanna oiriúnacha don chion atá déanta in imthosca an cháis, lena n-áirítear gnéithe sonracha a bhaineann leis an gciontóir no earráid phrionsabail i dtaca leis an tslí inar dhéileáil an breitheamh trialach leis an bpianbhreith a gearradh.

11.7 Lena chinntiú go ndéantar cumhacht an Stiúrthóra a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus go comhréireach a mhéid a bhaineann le athbhreithniú pianbhreithe a lorg, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh an t-aturnae agus an t-abhcóide a fheidhmíonn thar ceann an Stiúrthóra i ngach cás a éistear ar díotáil, ar cásanna iad ina gciontaítear an cúisí agus ina ngearrtar pianbhreith, a léiriú, le linn tuairisc a thabhairt don Stiúrthóir, an raibh an phianbhreith a gearradh róthrócaireach, dar leo. Más é tuairim an aturnae nó an abhcóide go raibh an phianbhreith róthrócaireach nó má mheasann ceachtar acu gur ní é ar cheart don Stiúrthóir a bhreithniú, is ceart teagmháil a dhéanamh le hOifig an Stiúrthóra láithreach.

11.8 Dé bhrí gur chuir an Chúirt Achomhairc Choiriúil tábhacht mhór le cúiseanna an bhreithimh trialach don phianbhreith a gearradh, tá sé tábhachtach dá bhrí sin nuair a bhítear ag cinneadh athbhreithniú pianbhreithe a lorg go mbeadh an Stiúrthóir go hiomlán ar an eolas faoi na cúiseanna sin chomh maith leis an bhfianaise a bhí os comhair na cúirte ag an éisteacht pianbhreithe. Ba chóir don aturnae a bheadh ag déileáil leis an gcás athscríbhinn a lorg nuair a chuirfí in iúl dó nó di go raibh ceist athbhreithnithe á lorg go gníomhach. Sna cásanna go léir, ba chóir don abhcóide don ionchúiseamh nóta cúramach a ghlacadh de réasúnú an bhreithimh don phianbhreith lena n-áirítear, go háirithe, aon fhachtóirí maolaithe a chuir an chúirt trialach san áireamh.

11.9 Ba chóir don tuairisc ón aturnae agus abhcóide a dtuairimí a leagan amach maidir le:

  1. Cibé an ndearna an breitheamh earráid ábhartha sa dlí, go raibh míthuiscint nó mífheidhmiú I gceist ó thaobh prionsabal pianbhreithe, nó go ndearna sé nó sí measúnú mícheart nó gur mhainnigh sé nó sí breithniú a dhéanamh ar roinnt gnéithe cuí den fhianaise agus a mba léir sin ó chaint an bhreithimh agus é nó í ag gearradh pianbhreithe;
  2. aon neamhdhóthanacht pianbhreithe a thabharfadh earráid phrionsabail ó thaobh an bhreithimh le tuiscint;
  3. an raon pianbhreitheanna (le haird ar chásanna inchomparáide) atá oscailte go dlisteanach don bhreitheamh ar na fíricí;
  4. stiúradh na himeachtaí; agus
  5. an dóchúlacht go n-éireodh le hiarratas ar athbhreithniú.